+Airteagal 7 Lorg carbóin ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí LMT
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
|
Airteagal 7 Lorg carbóin ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí LMT
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Maidir le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí LMT, déanfar dearbhú maidir le lorg carbóin a tharraingt suas le haghaidh gach samhla ceallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír agus ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
faisnéis riaracháin faoin monaróir;
(b)
faisnéis faoin tsamhail cheallra;
(c)
faisnéis faoi shuíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí;
(d)
lorg carbóin an cheallra, arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh aon kWh den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn an ceallra thar a ré feidhme ionchasach;
(e)
lorg carbóin an cheallra arna dhifreáil de réir chéim na saolré mar a thuairiscítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II;
(f)
uimhir aitheantais dhearbhú comhréireachta AE an cheallra;
(g)
nasc gréasáin lena dtugtar rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).
Beidh feidhm ag an dearbhú maidir le lorg carbóin ó na tréimhsí ama seo a leanas:
(a)
an 18 Feabhra 2025 nó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
(b)
an 18 Feabhra 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
(c)
an 18 Lúnasa 2028 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
(d)
an 18 Lúnasa 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.
Go dtí go mbeidh sé inrochtana tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(6), beidh an dearbhú maidir le lorg carbóin ag gabháil leis an gceallra. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2024 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2027 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2029 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:
(a)
gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir leis na heilimintí fíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(b)
gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
|
Airteagal 7 2.
|
Beidh lipéad feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta ar cheallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ar cheallraí LMT, lipéad lena léirítear lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d) agus lena ndearbhaítear aicme feidhmíochta an loirg carbóin dá gcomhfhreagraíonn an tsamhail cheallra ábhartha in aghaidh na monarchan monaraíochta. I gcás ceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII gur ríomhadh an dearbhú maidir le lorg carbóin agus an t-aicmiú gaolmhar in aicme feidhmíochta an loirg carbóin i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1, an ceathrú fomhír, pointe (a) agus an ceathrú fomhír, pointe (a), den mhír seo. Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin sa chéad fhomhír ón:
(a)
18 Lúnasa 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
(b)
18 Lúnasa 2027 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an gnímh chur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
(c)
18 Feabhra 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
(d)
18 Feabhra 2032 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, faoin 18 Lúnasa 2028 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Lúnasa 2030 6i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:
(a)
gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II san áireamh;
(b)
gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na formáidí le haghaidh an lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear san fhomhír sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II, athbhreithniú ar líon na n-aicmí feidhmíochta agus ar na tairseacha eatarthu, gach 3 bliana agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun líon na n-aicmí feidhmíochta agus na tairseacha eatarthu a leasú d’fhonn iad a choimeád ionadaíoch ar réaltacht an mhargaidh agus ar na forbairtí a mheastar a bheidh sa mhargadh.
|
|
Airteagal 7 3.
|
I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2kWh agus ceallraí LMT, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil luach an loirg carbóin saolré dearbhaithe don tsamhail ábhartha cheallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, faoi bhun na huastairsí arna bunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír. Beidh feidhm ag an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír amhail ón:
(a)
18 Feabhra 2028 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
(b)
18 Feabhra 2029 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
(c)
18 Lúnasa 2031 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
(d)
18 Lúnasa 2033 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2028 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2030 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2032 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha ábhartha a leagtar amach i bpointe 9 d’Iarscríbhinn II san áireamh. Le tabhairt isteach uastairseach an loirg carbóin saolré, tionscnófar, más gá, athaicmiú ar na haicmí feidhmíochta loirg carbóin dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé na ceanglais san Airteagal seo a leathnú chuig ceallraí inaistrithe, agus an ceanglas a leagtar síos i mír 3 chuig ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh 2 kWh nó níos lú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, má cuireadh an ceallra ar an margadh nó má cuireadh i seirbhís cheana é sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin air.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|