|
+Airteagal 9 2. |
Airteagal 9 2.Faoin 18 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna éigeantacha a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, cé is moite de chnapchealla. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na híosluachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leasú nó chun paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a chur leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, lena n-áirítear trí bhíthin éifeachtúlacht acmhainne na gceallraí sin a mhéadú, agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar shábháilteacht ná ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin ná na bhfearas, na modhanna éadroma iompair nó na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht ná ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh ná ar iomaíochas an tionscail. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|