+Airteagal 9 Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.

Airteagal 9 Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Ón 18 Lúnasa 2028 nó 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, comhlíonfaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, cé is moite de chnapchealla, na híosluachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2.
Airteagal 9 2.
Faoin 18 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna éigeantacha a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, cé is moite de chnapchealla.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na híosluachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leasú nó chun paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a chur leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, lena n-áirítear trí bhíthin éifeachtúlacht acmhainne na gceallraí sin a mhéadú, agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh.

Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar shábháilteacht ná ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin ná na bhfearas, na modhanna éadroma iompair nó na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht ná ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh ná ar iomaíochas an tionscail.

Airteagal 9 3.
Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá bearta chun deireadh a chur, de réir a chéile, le ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta d’fhonn an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a íoslaghdú bunaithe ar an modheolaíocht um measúnú saolré agus ar roghanna inmharthana eile d’úsáideoirí deiridh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh le haghaidh an chéimnithe amach nó le haghaidh ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.