+Airteagal 13 Ceallraí a lipéadú agus a mharcáil
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 9.
---+Airteagal 13 10.
|
Airteagal 13 Ceallraí a lipéadú agus a mharcáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Ón 18 Lúnasa 2026 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, cibé acu is déanaí, beidh lipéid ar cheallraí ar a mbeidh an fhaisnéis ghinearálta maidir le ceallraí a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VI.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Ón 18 Lúnasa 2026 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, cibé acu is déanaí, beidh lipéad ar cheallraí in-athluchtaithe, inaistrithe, ceallraí LMT agus ceallraí SLI ar a mbeidh faisnéis maidir lena dtoilleadh.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Ón 18 Lúnasa 2026 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, cibé acu is déanaí, beidh lipéid ar cheallraí neamh-in-athluchtaithe inaistrithe ar a mbeidh faisnéis maidir lena meán-íosfhad nuair a úsáidtear iad i bhfearais shonracha agus beidh lipéad orthu lena léirítear “neamh-in-athluchtaithe”.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Ón 18 Lúnasa 2025, déanfar gach ceallra a mharcáil leis an tsiombail le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí é (“an tsiombail bailiú ar leithligh”) mar a léirítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI. Leis an tsiombail bailiú ar leithligh cumhdófar 3 % d’achar an taoibh is mó den cheallra ar a laghad, suas le huasmhéid 5 × 5 cm. I gcás cealla ceallraí sorcóireacha, cumhdófar 1,5 % d’achar dromchla an cheallra ar a laghad leis an tsiombail bailiú ar leithligh agus beidh méid 5 × 5 cm ar a mhéad ann. I gcás ina bhfágann méid an cheallra go mbeadh an tsiombail bailiú ar leithligh níos lú ná 0,47 × 0,47 cm, ní gá don cheallra a mharcáil leis an tsiombail sin. Ina ionad sin, déanfar siombail bailiú ar leithligh, dar méid 1 × 1 cm ar a laghad, a phriontáil ar an bpacáistíocht.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Déanfar gach ceallra ina bhfuil níos mó ná 0,002 % caidmiam nó níos mó ná 0,004 % luaidhe, a mharcáil leis an tsiombail ceimiceáin don mhiotal lena mbaineann: Cd nó Pb. Déanfar an tsiombail ceimiceáin ábhartha lena léirítear cion an mhiotail throm a phriontáil faoi bhun na siombaile bailiú ar leithligh agus is é an ceathrú cuid de mhéid na siombaile sin ar a laghad a bheidh in achar na siombaile.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Ón 18 Feabhra 2027, déanfar gach ceallra a mharcáil le cód QR mar a thuairiscítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VI. Leis an gcód QR, tabharfar rochtain ar an méid seo a leanas:
(a)
i gcás ceallraí LMT, ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí feithiclí leictreacha, an pas ceallra i gcomhréir le hAirteagal 77;
(b)
i gcás ceallraí eile, an fhaisnéis is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, an dearbhú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18, an tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 52(3) agus an fhaisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f);
(c)
i gcás ceallraí SLI, an méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil ó dhramhaíl agus atá ar na hábhair ghníomhacha sa cheallra, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8.
Beidh an fhaisnéis sin iomlán, cothrom le dáta agus cruinn.
|
|
Airteagal 13 7.
|
Déanfar na lipéid agus an cód QR dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 a phriontáil nó a ghreanadh ar an gceallra ar bhealach a bheidh infheicthe, inléite agus doscriosta. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó nach bhfuil údar leis sin mar gheall ar chineál nó ar mhéid an cheallra, greamófar na lipéid agus an cód QR den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.
|
|
Airteagal 13 8.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le cineálacha malartacha lipéad cliste a úsáid in ionad an chóid QR nó sa bhreis ar an gcód QR, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
|
|
Airteagal 13 9.
|
I gcás ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, beidh lipéid nua orthu nó déanfar iad a mharcáil le marcanna nua i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar a mbeidh faisnéis maidir lena n-athrú stádais i gcomhréir le hAirteagal 4 d’Iarscríbhinn XIII, a bheidh inrochtana tríd an gcód QR.
|
|
Airteagal 13 10.
|
Glacfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2025, gníomhartha cur chun feidhme chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|