|
+Airteagal 13 6. |
Airteagal 13 6.Ón 18 Feabhra 2027, déanfar gach ceallra a mharcáil le cód QR mar a thuairiscítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VI. Leis an gcód QR, tabharfar rochtain ar an méid seo a leanas:
(a)
i gcás ceallraí LMT, ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí feithiclí leictreacha, an pas ceallra i gcomhréir le hAirteagal 77;
(b)
i gcás ceallraí eile, an fhaisnéis is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, an dearbhú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18, an tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 52(3) agus an fhaisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f);
(c)
i gcás ceallraí SLI, an méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil ó dhramhaíl agus atá ar na hábhair ghníomhacha sa cheallra, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8. Beidh an fhaisnéis sin iomlán, cothrom le dáta agus cruinn. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|