+Airteagal 16 Sonraíochtaí comhchoiteanna
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
|
Airteagal 16 Sonraíochtaí comhchoiteanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(1), sna cásanna seo a leanas:
(a)
ní chumhdaítear na ceanglais ná na tástálacha sin le caighdeáin chomhchuibhithe, ná le codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
(b)
tá iarrtha ag an gCoimisiún ar eagraíocht Eorpach amháin nó níos mó um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas nó na dtástálacha sin; agus
(c)
comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
níor ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ón gCoimisiún,
(ii)
tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil moill mhíchuí ag baint le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe arna n-iarraidh, nó
(iii)
tá caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiún.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3). Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchoiteanna á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó an ghrúpa saineolaithe san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle mar is cóir leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Toimhdeofar maidir le ceallraí atá i gcomhréir le sonraíochtaí comhchoiteanna nó codanna díobh á leanúint, go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí comhchoiteanna den sórt sin nó le codanna díobh, agus, más infheidhme, go mbaintear amach na híosluachanna arna mbunú le haghaidh na gceanglas sin de bhun Airteagail 9 agus 10.
|
|
Airteagal 16 3.
|
I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais nó na tástálacha céanna dá dtagraítear i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|