|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(1), sna cásanna seo a leanas:
(a)
ní chumhdaítear na ceanglais ná na tástálacha sin le caighdeáin chomhchuibhithe, ná le codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
(b)
tá iarrtha ag an gCoimisiún ar eagraíocht Eorpach amháin nó níos mó um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas nó na dtástálacha sin; agus
(c)
comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
níor ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ón gCoimisiún,
(ii)
tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil moill mhíchuí ag baint le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe arna n-iarraidh, nó
(iii)
tá caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3). Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchoiteanna á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó an ghrúpa saineolaithe san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle mar is cóir leis na geallsealbhóirí ábhartha uile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|