+Airteagal 40 Oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.

Airteagal 40 Oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1.
Féadfaidh monaróir, le sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a ainmniú.

Ní bheidh sainordú an ionadaí údaraithe bailí ach amháin nuair a ghlacfaidh an t-ionadaí údaraithe i scríbhinn é.

Airteagal 40 2.
Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 38(1) ná in Airteagail 48 go 52 agus an oibleagáid chun doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 40 3.

Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Beidh an acmhainn iomchuí ag an ionadaí údaraithe chun na cúraimí a shonraítear sa sainordú a chomhlíonadh. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dó, i dteanga de chuid an Aontais a chinnfidh an t-údarás sin. Áireofar sa sainordú na cúraimí a leanas ar a laghad:

(a) 

an dearbhú comhréireachta AE, an doiciméadacht theicniúil, an tuarascáil fíorúcháin agus an cinneadh formheasa dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 48(2) a choimeád ar fáil d’údaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís;

(b) 

de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra a léiriú a sholáthar dó. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir;

(c) 

comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 40 4.
I gcás ina mbaineann riosca le ceallra, déanfaidh ionadaithe údaraithe na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas faoi sin láithreach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.