|
+Airteagal 40 3. |
Airteagal 40 3.Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Beidh an acmhainn iomchuí ag an ionadaí údaraithe chun na cúraimí a shonraítear sa sainordú a chomhlíonadh. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dó, i dteanga de chuid an Aontais a chinnfidh an t-údarás sin. Áireofar sa sainordú na cúraimí a leanas ar a laghad:
(a)
an dearbhú comhréireachta AE, an doiciméadacht theicniúil, an tuarascáil fíorúcháin agus an cinneadh formheasa dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 48(2) a choimeád ar fáil d’údaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís;
(b)
de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra a léiriú a sholáthar dó. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir;
(c)
comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|