|
+Airteagal 49 2. |
Airteagal 49 2.Beidh doiciméadacht ina soláthraítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad mar thaca ag an gcóras dá dtagraítear i mír 1, pointe (d):
(a)
tuairisc ar an amhábhar, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;
(b)
ainm agus seoladh an tsoláthraí a sholáthair an t-amhábhar sna ceallraí don oibreoir eacnamaíoch a chuireann na ceallraí ina bhfuil an t-amhábhar atá i gceist ar an margadh;
(c)
tír thionscnaimh an amhábhair agus na hidirbhearta margaidh ó eastóscadh an amhábhair chuig an soláthraí is gaire don oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra ar an margadh;
(d)
cainníochtaí an amhábhair sa cheallra a chuirtear ar an margadh, arna shloinneadh i gcéatadán nó de réir meáchain;
(e)
tuarascálacha fíorúcháin tríú páirtí arna n-eisiúint ag comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhaineann leis na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3);
(f)
mura bhfuil na taifid dá dtagraítear i bpointe (e) ar fáil agus i gcás ina dtionscnaíonn an t-amhábhar ó limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca, faisnéis bhreise i gcomhréir leis na moltaí sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha, mar a leagtar amach i dTreoir ECFE maidir le dícheall cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca, i gcás inarb ábhartha, amhail an mianach tionscnaimh, suíomhanna ina ndéantar an t-amhábhar a chomhdhlúthú, a thrádáil agus a phróiseáil, agus ina ndéantar cánacha, táillí agus ríchíosanna a íocadh. Cuirfidh soláthróirí dá dtagraítear in Airteagal 50(3) tuarascálacha fíorúcháin tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil d’oibreoirí iartheachtacha an tslabhra soláthair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|