+Airteagal 59 Ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.
---+Airteagal 59 6.
---+Airteagal 59 7.
|
Airteagal 59 Ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 59 1.
|
Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go ndéantar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí inaistrithe ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
córas aisghlactha agus bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhunú;
(b)
bailiú ceallraí inaistrithe dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola”);
(c)
foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí inaistrithe dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;
(d)
na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola de ghnáth;
(e)
na ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola;
(f)
a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.
|
|
Airteagal 59 2.
|
Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí inaistrithe dramhaíola:
(a)
gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(i)
dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;
(ii)
saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;
(iii)
údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;
(iv)
pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;
(v)
saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus
(b)
go gcumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach ceallraí inaistrithe dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.
|
|
Airteagal 59 3.
|
Táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad faoi Airteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad na spriocanna bailithe seo a leanas, ar a laghad, le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach:
(a)
45 % faoin 31 Nollaig 2023;
(b)
63 % faoin 31 Nollaig 2027;
(c)
73 % faoin 31 Nollaig 2030.
Ríomhfaidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.
|
|
Airteagal 59 4.
|
Beidh úsáideoirí deiridh in ann ceallraí inaistrithe dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus ní ghearrfar muirear orthu ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach ná an ceallra inaistrithe a bheith ceannaithe acu ó na táirgeoirí a chuir na pointí bailithe ar bun.
|
|
Airteagal 59 5.
|
Ní bheidh pointí bailithe arna gcur ar bun i gcomhréir le mír 2, pointí (a)(i), (iii) agus (iv) faoi réir na gceanglas maidir le clárúchán nó cead i dTreoir 2008/98/CE.
|
|
Airteagal 59 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh lena gceanglaítear nach bhféadfaidh na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú ach amháin má tá conradh tugtha i gcrích acu leis na táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.
|
|
Airteagal 59 7.
|
I bhfianaise na forbartha a mheastar a bheidh ar an margadh agus an mhéadaithe ar shaolré ionchasach ceallraí inaistrithe in-athluchtaithe, agus chun líon iarbhír na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú a chinntiú ar bhealach níos fearr, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoi 18 Lúnasa 2027, i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an mhodheolaíocht a leasú chun ráta bailithe ceallraí inaistrithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ríomh agus chun an sprioc bhailithe a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo a leasú chun an sprioc bhailithe sin a oiriúnú don mhodheolaíocht nua agus an uaillmhian choibhéiseach agus na hamlínte coibhéiseacha á gcoinneáil ar bun.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|