+Airteagal 59 1.

Airteagal 59 1.

Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go ndéantar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí inaistrithe ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

córas aisghlactha agus bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhunú;

(b) 

bailiú ceallraí inaistrithe dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola”);

(c) 

foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí inaistrithe dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;

(d) 

na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola de ghnáth;

(e) 

na ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola;

(f) 

a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.