+Airteagal 73 Ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra
---+Airteagal 73 1.
---+Airteagal 73 2.
---+Airteagal 73 3.
---+Airteagal 73 4.
|
Airteagal 73 Ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 73 1.
|
Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra LMT dramhaíola, ceallra tionsclaíoch dramhaíola agus ceallra feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, léireoidh sealbhóir an cheallra an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:
(a)
fianaise faoi mheastóireacht ar staid sláinte nó faoi thástáil ar staid sláinte arna déanamh i mBallstát i bhfoirm cóipe den taifead lena ndearbhaítear cumas an cheallra chun an fheidhmíocht is ábhartha dá úsáid a chomhlíonadh tar éis ullmhú le haghaidh athúsáide, nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(b)
maidir le húsáid bhreise a bhaint as an gceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, déantar í sin a dhoiciméadú trí bhíthin sonrasc nó conradh i ndáil leis an gceallra a dhíol nó le húinéireacht an cheallra a aistriú;
(c)
fianaise ar chosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh.
|
|
Airteagal 73 2.
|
Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mhír 1, pointe (a), ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, mar chuid den doiciméadacht a ghabhann leis an gceallra dá dtagraítear i mír 1 nuair a chuirfear ar an margadh nó i seirbhís é.
|
|
Airteagal 73 3.
|
Ní dochar soláthar na faisnéise i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’oibleagáidí rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de a chaomhnú faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha.
|
|
Airteagal 73 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus fíoraithe mhionsonraithe atá le comhlíonadh ag ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola nó ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola chun scor de bheith ina ndramhaíl. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|