|
+Airteagal 73 1. |
Airteagal 73 1.Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra LMT dramhaíola, ceallra tionsclaíoch dramhaíola agus ceallra feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, léireoidh sealbhóir an cheallra an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:
(a)
fianaise faoi mheastóireacht ar staid sláinte nó faoi thástáil ar staid sláinte arna déanamh i mBallstát i bhfoirm cóipe den taifead lena ndearbhaítear cumas an cheallra chun an fheidhmíocht is ábhartha dá úsáid a chomhlíonadh tar éis ullmhú le haghaidh athúsáide, nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(b)
maidir le húsáid bhreise a bhaint as an gceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, déantar í sin a dhoiciméadú trí bhíthin sonrasc nó conradh i ndáil leis an gceallra a dhíol nó le húinéireacht an cheallra a aistriú;
(c)
fianaise ar chosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|