|
+Airteagal 75 5. |
Airteagal 75 5.Déanfaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann cóireáil agus athchúrsálaithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil le haghaidh gach bliana féilire agus ag an mBallstát inar bailíodh na ceallraí dramhaíola:
(a)
an líon ceallraí dramhaíola arna fháil lena gcóireáil;
(b)
an líon ceallraí dramhaíola a thosaigh ag dul faoi ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó próisis athchúrsála;
(c)
sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola, aisghabháil ábhar ó cheallraí dramhaíola agus an ceann scríbe agus toradh na gcodán aschuir deiridh. Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú a dhéanfar faoin éifeachtúlacht athchúrsála agus faoi leibhéil d’ábhair aisghafa. I gcás ina ndéantar oibríochtaí athchúrsála ag níos mó ná saoráid amháin, beidh an chéad athchúrsálaí freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit inar bailíodh na ceallraí, murab ionann iad. Déanfar ceallraí dramhaíola a sheolfar chuig Ballstát eile lena gcóireáil sa Bhallstát eile sin a áireamh sna sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar agus áireofar iad chun na spriocanna a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bhaint amach ag an mBallstát inar bailíodh an dramhaíl sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|