+Airteagal 75 Íoscheanglais maidir le tuairisciú do na húdaráis inniúla
---+Airteagal 75 1.
---+Airteagal 75 2.
---+Airteagal 75 3.
---+Airteagal 75 4.
---+Airteagal 75 5.
---+Airteagal 75 6.
---+Airteagal 75 7.
---+Airteagal 75 8.
---+Airteagal 75 9.
|
Airteagal 75 Íoscheanglais maidir le tuairisciú do na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 75 1.
|
Déanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe agus táirgeoirí cheallraí LMT, nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, de réir cheimic agus chatagóir na gceallraí agus na gceallraí dramhaíola a thuairisciú don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire:
(a)
an líon ceallraí inaistrithe agus ceallraí LMT arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
(b)
an líon ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
(c)
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60, faoi seach;
(d)
an ráta bailithe arna bhaint amach ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus cheallraí LMT dramhaíola;
(e)
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú agus an líon ceallraí LMT dramhaíola arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
(f)
líon na gceallraí inaistrithe dramhaíola bailithe agus ceallraí LMT dramhaíola arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena gcóireáil, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(g)
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena ullmhú le haghaidh athrú cuspóra.
I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola seachas táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola, tuairisceoidh siad don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice.
|
|
Airteagal 75 2.
|
Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an fhaisnéis seo a leanas, de réir ceimic agus catagóirí ceallraí dramhaíola:
(a)
an líon ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
(b)
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(c)
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
(d)
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó lena gcóireáil.
|
|
Airteagal 75 3.
|
I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistithe dramhaíola ceallraí dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola nó ó úsáideoirí deiridh, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire de réir ceimic agus catagóirí ceallraí dramhaíola:
(a)
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe;
(b)
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(c)
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
(d)
an líon ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó lena gcóireáil.
|
|
Airteagal 75 4.
|
Áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), den Airteagal seo faisnéis maidir le ceallraí atá ionchorpraithe i bhfeithiclí agus i bhfearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear as feithiclí agus fearais i gcomhréir le hAirteagal 65.
|
|
Airteagal 75 5.
|
Déanfaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann cóireáil agus athchúrsálaithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil le haghaidh gach bliana féilire agus ag an mBallstát inar bailíodh na ceallraí dramhaíola:
(a)
an líon ceallraí dramhaíola arna fháil lena gcóireáil;
(b)
an líon ceallraí dramhaíola a thosaigh ag dul faoi ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó próisis athchúrsála;
(c)
sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola, aisghabháil ábhar ó cheallraí dramhaíola agus an ceann scríbe agus toradh na gcodán aschuir deiridh.
Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú a dhéanfar faoin éifeachtúlacht athchúrsála agus faoi leibhéil d’ábhair aisghafa. I gcás ina ndéantar oibríochtaí athchúrsála ag níos mó ná saoráid amháin, beidh an chéad athchúrsálaí freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit inar bailíodh na ceallraí, murab ionann iad. Déanfar ceallraí dramhaíola a sheolfar chuig Ballstát eile lena gcóireáil sa Bhallstát eile sin a áireamh sna sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar agus áireofar iad chun na spriocanna a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bhaint amach ag an mBallstát inar bailíodh an dramhaíl sin.
|
|
Airteagal 75 6.
|
I gcás ina n-onnmhairíonn sealbhóirí dramhaíola seachas iad sin dá dtagraítear i mír 5 ceallraí le haghaidh cóireála, déanfaidh siad na sonraí faoin líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú ar leithligh a onnmhairíodh le haghaidh cóireála agus na sonraí dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c) a thuairisciú d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe.
|
|
Airteagal 75 7.
|
Táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí bainistíochta dramhaíola agus sealbhóirí dramhaíola dá dtagraítear san Airteagal seo, tuairisceoidh siad laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 76(5).
|
|
Airteagal 75 8.
|
Bunóidh na húdaráis inniúla córais leictreonacha trína dtuairisceofar sonraí dóibh agus sonróidh siad na formáidí a bheidh le húsáid.
|
|
Airteagal 75 9.
|
Féadfaidh an Ballstát cead a thabhairt do na húdaráis inniúla aon fhaisnéis bhreise a iarraidh is gá chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a thuairiscítear iontaofa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|