+Airteagal 77 Pas ceallra
---+Airteagal 77 1.
---+Airteagal 77 2.
---+Airteagal 77 3.
---+Airteagal 77 4.
---+Airteagal 77 5.
---+Airteagal 77 6.
---+Airteagal 77 7.
---+Airteagal 77 8.
---+Airteagal 77 9.
---+Airteagal 77 10.

Airteagal 77 Pas ceallra

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 77 1.
Ón 18 Feabhra 2027 beidh taifead leictreonach (“pas ceallra”) ag gach ceallra LMT, gach ceallra tionsclaíoch ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus gach ceallra feithiclí leictreacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís.
Airteagal 77 2.
Beidh faisnéis sa phas ceallra a bhaineann leis an tsamhail cheallra agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gceallra aonair, lena n-áirítear faisnéis a eascraíonn as úsáid an cheallra sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

Is é a bheidh san fhaisnéis sa phas ceallra:

(a) 

faisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII;

(b) 

faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XIII; agus

(c) 

faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus í a phróiseáil chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír i gcomhréir le pointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII.

Maidir leis na críocha chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír agus chun í a phróiseáil:

(a) 

bainfidh siad le díchóimeáil an cheallra, lena n-áirítear bearta sábháilteachta atá le déanamh le linn na díchóimeála, agus comhdhéanamh mionsonraithe na samhla ceallra agus beidh siad fíor-riachtanach chun go mbeidh na deisitheoirí, na hathmhonaróirí, na hoibreoirí dara húsáid agus na hathchúrsálaithe in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi seach a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó

(b) 

i gcás ceallraí aonair, beidh siad fíor-riachtanach do cheannaitheoir an cheallra nó do pháirtithe a ghníomhaíonn thar ceann an cheannaitheora, chun an ceallra aonair a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha fuinnimh nó do rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh.

Áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír sa phas ceallra a mhéid is infheidhme maidir le catagóir nó le fochatagóir ceallraí lena mbaineann.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa phas ceallra i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Airteagal 77 3.
Beidh an pas ceallra inrochtana tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(6) a nascann le haitheantóir uathúil a ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an ceallra ar an margadh a shannadh dó.

Comhlíonfaidh an cód QR agus an t-aitheantóir uathúil caighdeáin ISO/IEC 15459-1:2014, 15459-2:2015, 15459-3:2014, 15459-4:2014, 15459-5:2014 agus 15459-6:2014 nó a gcoibhéis.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an dara fomhír den mhír seo a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch trí na caighdeáin dá dtagraítear san fhomhír sin a ionadú nó trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta eile a chur leis a dhéanfaidh an cód QR agus an t-aitheantóir uathúil a chomhlíonadh.

Airteagal 77 4.
Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an ceallra ar an margadh go mbeidh an fhaisnéis a bheidh sa phas ceallra cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Féadfaidh sé údarú i scríbhinn a thabhairt d’aon oibreoir eile gníomhú thar a cheann.
Airteagal 77 5.
Is ar chaighdeáin oscailte a bhunófar an fhaisnéis uile a áirítear sa phas ceallra agus beidh sí i bhformáid idir-inoibritheach, inaistrithe trí líonra malartaithe idir-inoibritheach sonraí oscailte gan gaibhniú díoltóirí, meaisín-inléite, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 78.
Airteagal 77 6.
Déanfar an rochtain ar fhaisnéis a áirítear sa phas ceallra a rialú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 78.
Airteagal 77 7.
I gcás ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, aistreofar an fhreagracht as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi mhír 4 den Airteagal seo chuig an oibreoir eacnamaíoch a chuir an ceallra sin ar an margadh nó a chuir i seirbhís é. Beidh pas ceallra nua ag ceallra den sórt sin a bheidh nasctha le pas ceallra nó pasanna an cheallra bunaidh nó na gceallraí bunaidh.

I gcás ina n-athraíonn stádas an cheallra go ceallra dramhaíola, aistreofar an fhreagracht as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi mhír 4 den Airteagal chuig an táirgeoir nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), chuig an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, nó chuig an oibreoir bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8).

Airteagal 77 8.
Scoirfidh pas ceallra de bheith ann tar éis athchúrsáil a dhéanamh ar an gceallra.
Airteagal 77 9.
Faoin 18 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear cé na daoine a mheasfar a bheith ina ndaoine a bhfuil leas dlisteanach acu dá dtagraítear i bpointí 2 agus 4 faoi seach d’Iarscríbhinn XIII chun críocha mhír 2, pointe (c), den Airteagal seo, agus an fhaisnéis a liostaítear sna pointí sin a mbeidh rochtain acu uirthi, agus a mhéid a fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a íoslódáil, a chomhroinnt, a fhoilsiú agus a athúsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Is iad seo a leanas na critéir lena sonrófar na daoine dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), agus lena gcinnfear a mhéid a fhéadfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII a íoslódáil, a chomhroinnt, a fhoilsiú agus a athúsáid:

(a) 

an gá atá le faisnéis den sórt sin chun meastóireacht a dhéanamh ar stádas agus luach iarmharach an cheallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as;

(b) 

an gá atá le faisnéis den sórt sin chun ullmhúchán a dhéanamh maidir le hathúsáid an cheallra, ullmhúchán a dhéanamh maidir lena chuspóir a athrú nó athrú cuspóra, athmhonarú nó athchúrsáil an cheallra, nó chun rogha a dhéanamh idir na hoibríochtaí sin;

(c) 

an gá atá lena áirithiú gur teoranta don íosmhéid is gá i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme a bheidh an rochtain agus an phróiseáil ar an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa phas ceallra.

Airteagal 77 10.
Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a bfhfuil an ceallra á chur ar an margadh nó á chur i seirbhís aige an t-aitheantóir uathúil a uaslódáil sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.