|
+Airteagal 77 2. |
Airteagal 77 2.Beidh faisnéis sa phas ceallra a bhaineann leis an tsamhail cheallra agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gceallra aonair, lena n-áirítear faisnéis a eascraíonn as úsáid an cheallra sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII. Is é a bheidh san fhaisnéis sa phas ceallra:
(a)
faisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII;
(b)
faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XIII; agus
(c)
faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus í a phróiseáil chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír i gcomhréir le pointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII. Maidir leis na críocha chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír agus chun í a phróiseáil:
(a)
bainfidh siad le díchóimeáil an cheallra, lena n-áirítear bearta sábháilteachta atá le déanamh le linn na díchóimeála, agus comhdhéanamh mionsonraithe na samhla ceallra agus beidh siad fíor-riachtanach chun go mbeidh na deisitheoirí, na hathmhonaróirí, na hoibreoirí dara húsáid agus na hathchúrsálaithe in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi seach a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó
(b)
i gcás ceallraí aonair, beidh siad fíor-riachtanach do cheannaitheoir an cheallra nó do pháirtithe a ghníomhaíonn thar ceann an cheannaitheora, chun an ceallra aonair a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha fuinnimh nó do rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh. Áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír sa phas ceallra a mhéid is infheidhme maidir le catagóir nó le fochatagóir ceallraí lena mbaineann. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa phas ceallra i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|