+Airteagal 79 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le ceallraí lena mbaineann riosca
---+Airteagal 79 1.
---+Airteagal 79 2.
---+Airteagal 79 3.
---+Airteagal 79 4.
---+Airteagal 79 5.
---+Airteagal 79 6.
---+Airteagal 79 7.
---+Airteagal 79 8.
|
Airteagal 79 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le ceallraí lena mbaineann riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1.
|
Gan dochar d’Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis faireachais margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol le ceallra a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an gceallra lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar siúl, nach bhfaighidh na húdaráis faireachais margaidh amach nach gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo (“ceallra neamhchomhlíontach”), cuirfidh siad de cheangal, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí is gá a ghlacadh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis faireachais margaidh agus ar cóimhéid le cineál an riosca, chun an ceallra a chur i gcomhréir leis na ceanglais sin, chun é a tharraingt siar ón mhargadh, nó chun é a aisghairm. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.
|
|
Airteagal 79 2.
|
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
|
|
Airteagal 79 3.
|
Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go nglacfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i dtaca leis na ceallraí neamhchomhlíontacha uile a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
|
|
Airteagal 79 4.
|
I gcás nach nglacann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar na ceallraí neamhchomhlíontacha a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun na ceallraí sin a tharraingt siar ón margadh nó chun iad a aisghairm. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.
|
|
Airteagal 79 5.
|
Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun ceallra neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an cheallra sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Léireoidh na húdaráis faireachais margaidh go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
mainneachtain an cheallra a bheith i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 nó Airteagal 12, 13 nó 14;
(b)
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15;
(c)
easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16.
|
|
Airteagal 79 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát sin a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise a bhfuil fáil acu uirthi maidir le neamhchomhlíonadh an cheallra lena mbaineann, agus, sa chás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a glacadh, cuirfidh siad ar an eolas iad faoina n-agóidí.
|
|
Airteagal 79 7.
|
I gcás, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid i ndáil le beart sealadach arna ghlacadh ag údaráis faireachais margaidh, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.
|
|
Airteagal 79 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go nglactar bearta sriantacha iomchuí, amhail an ceallra neamhchomhlíontach a tharraingt siar ón margadh, i dtaca leis an gceallra neamhchomhlíontach gan mhoill.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|