|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird’ cinneadh lena n-ordaítear fianaise leictreonach a thabhairt ar aird, arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2), (4) agus (5), agus a dhírítear chuig bunaíocht ainmnithe nó chuig ionadaí dlíthiúil de chuid soláthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, i gcás ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil sin lonnaithe i mBallstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo;
(2)
ciallaíonn ‘Ordú Caomhnaithe Eorpach’ cinneadh lena n-ordaítear fianaise leictreonach chun críocha an iarraidh ina dhiaidh sin ar thabhairt ar aird a chaomhnú, arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3), (4) agus (5), agus a dhírítear chuig bunaíocht ainmnithe nó chuig ionadaí dlíthiúil de chuid soláthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, i gcás ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil sin lonnaithe i mBallstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo;
(3)
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seirbhísí seo a leanas, cé is moite de sheirbhísí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ):
(a)
seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972;
(b)
seirbhísí ainmneacha fearainn idirlín agus seirbhísí uimhrithe IP, amhail sannadh seoladh IP, clárlann ainmneacha fearainn, cláraitheoir ainmneacha fearainn agus seirbhísí seachvótála a bhaineann le hainmneacha fearainn;
(c)
seirbhísí eile na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 a dhéanann an méid seo a leanas:
(i)
a chuireann ar chumas a n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile; nó
(ii)
a fhágann gur féidir sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile thar ceann na n-úsáideoirí dá gcuirtear an tseirbhís ar fáil, ar choinníoll go bhfuil stóráil sonraí mar chompháirt shainiúil den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir;
(4)
ciallaíonn ‘ a thairgeann seirbhísí san Aontas’:
(a)
daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát a chumasú chun na seirbhísí a liostaítear i bpointe (3) a úsáid; agus
(b)
nasc substaintiúil a bheith aige, atá bunaithe ar chritéir shonracha fhíorasacha, leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a); measfar nasc substaintiúil den sórt sin a bheith ann i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse i mBallstát, nó in éagmais bunaíocht den sórt sin, i gcás ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó;
(5)
ciallaíonn ‘bunaíocht’ eintiteas a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú go hiarbhír ar feadh tréimhse éiginnte trí bhonneagar cobhsaí óna ndéantar an gnó a bhaineann le seirbhísí a sholáthar nó óna ndéantar an gnó a bhainistiú;
(6)
ciallaíonn ‘bunaíocht ainmnithe’ bunaíocht ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach arna hainmniú i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir (AE) 2023/1544, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus Airteagal 3(1) den Treoir sin;
(7)
ciallaíonn ‘ionadaí dlíthiúil’ duine nádúrtha nó dlítheanach arna cheapadh i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse nach bhfuil bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), de Threoir (AE) 2023/1544, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 3 (1) den Treoir sin;
(8)
ciallaíonn ‘fianaise leictreonach’ sonraí suibscríobhaí, sonraí tráchta nó sonraí inneachair arna stóráil ag soláthraí seirbhíse, nó thar ceann soláthraí seirbhíse, i bhfoirm leictreonach, tráth a fhaightear Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) nó Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR);
(9)
ciallaíonn ‘sonraí suibscríobhaí’ aon sonraí atá i seilbh soláthraí seirbhíse a bhaineann leis an suibscríbhinn dá sheirbhísí, i dtaobh an mhéid seo a leanas:
(a)
céannacht an tsuibscríobhaí nó an chustaiméara amhail an t-ainm a soláthraíodh, dáta breithe, seoladh poist nó seoladh geografach, sonraí billeála agus íocaíochta, uimhir theileafóin, nó seoladh ríomhphoist;
(b)
cineál na seirbhíse agus a fad ama, lena n-áirítear sonraí teicniúla agus sonraí lena sainaithnítear bearta teicniúla gaolmhara nó comhéadain a úsáideann an suibscríobhaí nó an custaiméir nó a chuirtear ar fáil don suibscríobhaí nó don chustaiméir tráth an chlárúcháin nó an ghníomhachtaithe tosaigh, agus sonraí a bhaineann le húsáid na seirbhíse a bhailíochtú, seachas pasfhocail nó modhanna fíordheimhnithe eile a úsáidtear in ionad pasfhocal a chuireann úsáideoir ar fáil, nó a cruthaíodh ar iarrataidh ó úsáideoir;
(10)
ciallaíonn ‘sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin’ seoltaí IP agus, i gcás inar gá, na bunphoirt ábhartha agus an stampa ama ábhartha, eadhon an dáta agus an t-am, nó coibhéisí teicniúla na n-aitheantóirí sin agus faisnéis ghaolmhar arna iarraidh sin ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag údaráis bhreithiúnacha chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil sonrach, agus chun na críche sin amháin;
(11)
ciallaíonn ‘sonraí tráchta’ sonraí a bhaineann le soláthar seirbhíse a thairgeann soláthraí seirbhíse, ar sonraí iad a sholáthraíonn comhthéacs nó faisnéis bhreise faoin tseirbhís sin agus a ghineann nó a phróiseálann córas faisnéise de chuid an tsoláthraí seirbhíse, amhail foinse agus ceann scríbe teachtaireachta nó cineál eile idirghníomhaíochta, maidir le suíomh na feiste, dáta, am, fad, méid, bealach, formáid, an prótacal a úsáidtear agus an cineál comhbhrúite, agus meiteashonraí cumarsáide leictreonaí eile agus sonraí, seachas sonraí suibscríobhaí, a bhaineann le tosú agus foirceannadh seisiúin rochtana úsáideora ar sheirbhís, amhail dáta agus am na húsáide, an logáil isteach chuig an tseirbhís agus logáil amach ón tseirbhís;
(12)
ciallaíonn ‘sonraí inneachair’ aon sonraí i bhformáid dhigiteach, amhail téacs, guth, físeáin, íomhánna agus fuaim, seachas sonraí suibscríobhaí nó sonraí tráchta;
(13)
ciallaíonn ‘córas faisnéise’ córas faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
(14)
ciallaíonn ‘Stát eisiúna’ an Ballstát ina n-eisítear an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach;
(15)
ciallaíonn ‘údarás eisiúna’ an t-údarás inniúil sa Stát eisiúna, ar féidir leis, i gcomhréir le hAirteagal 4, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint;
(16)
ciallaíonn ‘Stát forfheidhmiúcháin’ an Ballstát ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an EPOC nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach agus an EPOC-PR a tharchur chuige lena fhógairt don údarás forfheidhmiúcháin nó lena fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(17)
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmiúcháin’ an t-údarás sa Stát forfheidhmiúcháin atá inniúil, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin, chun Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus EPOC nó Ordú Caomhnaithe Eorpach agus EPOC-PR arna tharchur ag an údarás eisiúna le haghaidh fógra a thabhairt nó le haghaidh forfheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo a fháil;
(18)
ciallaíonn ‘cás éigeandála’ staid ina bhfuil garbhaol ann do bheatha, do shláine fhisiciúil nó do shábháilteacht duine, nó do bhonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2008/114/CE, i gcás ina mbeadh garbhaol ann do bheatha, do shláine fhisiciúil nó do shábháilteacht duine mar thoradh ar chur isteach nó scriosadh an bhonneagair chriticiúil sin, lena n-áirítear trí dhíobháil thromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don daonra nó d’fheidhmiú chroífheidhmeanna an Stáit;
(19)
ciallaíonn ‘rialaitheoir’ rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679;
(20)
ciallaíonn ‘próiseálaí’ próiseálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (8), de Rialachán (AE) 2016/679;
(21)
ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ líonra córas TF agus pointí rochtana idir-inoibritheacha, a oibríonn faoi fhreagracht agus faoi bhainistiú aonair gach Ballstáit, gníomhaireachta nó comhlachta de chuid an Aontais, lena gcumasaítear malartú trasteorann faisnéise ar bhealach slán iontaofa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|