|
+Airteagal 5 4. |
Airteagal 5 4.Ní eiseofar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), den Rialachán seo nó chun sonraí inneachair a fháil, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcomhair cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta d’uasmhéid 3 bliana ar a laghad; nó
(b)
i gcomhair na gcionta seo a leanas, más amhlaidh go ndearnadh na cionta sin go hiomlán nó go páirteach trí chóras faisnéise,
(i)
cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 8 de Threoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
(ii)
cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE;
(iii)
cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 8 de Threoir 2013/40/AE;
(c)
cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 12 agus 14 de Threoir (AE) 2017/541;
(d)
chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála 4 mhí ar a laghad a fhorghníomhú, tar éis imeachtaí coiriúla, arna bhforchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas, mar gheall ar chionta coiriúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|