+Airteagal 5 Coinníollacha maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.

Airteagal 5 Coinníollacha maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Ní fhéadfaidh údarás eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 5 2.
Beidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird riachtanach agus comhréireach chun críoch na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine cúisithe á gcur i gcuntas, agus ní fhéadfar é a eisiúint ach amháin i gcás ina bhféadfaí ordú comhchosúil a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás baile comhchosúil.
Airteagal 5 3.
Féadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí suibscríobhaí a fháil nó chun sonraí a fháil a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), a eisiúint maidir le gach cion coiriúil agus maidir le forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála 4 mhí ar a laghad, tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas.
Airteagal 5 4.

Ní eiseofar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), den Rialachán seo nó chun sonraí inneachair a fháil, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcomhair cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta d’uasmhéid 3 bliana ar a laghad; nó

(b) 

i gcomhair na gcionta seo a leanas, más amhlaidh go ndearnadh na cionta sin go hiomlán nó go páirteach trí chóras faisnéise,

(i) 

cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 8 de Threoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(ii) 

cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE;

(iii) 

cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 8 de Threoir 2013/40/AE;

(c) 

cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 12 agus 14 de Threoir (AE) 2017/541;

(d) 

chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála 4 mhí ar a laghad a fhorghníomhú, tar éis imeachtaí coiriúla, arna bhforchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas, mar gheall ar chionta coiriúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo.

Airteagal 5 5.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird:

(a) 

an t-údarás eisiúna agus, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe;

(b) 

seolaí an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c) 

an t-úsáideoir, ach amháin i gcás gurb é sainaithint an úsáideora an t-aon chuspóir atá leis an ordú, nó aon aitheantóir uathúil eile amhail ainm úsáideora, aitheantas logála isteach nó ainm cuntais chun na sonraí atá á n-iarraidh a chinneadh;

(d) 

catagóir na sonraí a iarradh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (9) go (12);

(e) 

más infheidhme, achar ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith:

(f) 

na forálacha is infheidhme de dhlí coiriúil an Stáit eisiúna;

(g) 

i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), na cúiseanna a bhfuil údar cuí leo leis an éigeandáil;

(h) 

i gcásanna ina mbeidh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird dírithe go díreach ar an soláthraí seirbhís a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile na sonraí thar ceann an rialaitheora, deimhniú go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(i) 

na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta faoi mhír 2 den Airteagal seo(.

(j) 

cur síos achomair ar an gcás:

Airteagal 5 6.
Díreofar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar na soláthraithe seirbhíse atá ag gníomhú mar rialaitheoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Mar eisceacht, féadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhíriú go díreach ar an soláthraí seirbhíse a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile na sonraí thar ceann an rialaitheora, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

nach féidir an rialaitheoir a shainaithint in ainneoin iarrachtaí réasúnta arna ndéanamh ag an údarás eisiúna; nó

(b) 

go bhféadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú trí dhíriú ar an rialaitheoir.

Airteagal 5 7.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, an próiseálaí a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile thar ceann an rialaitheora, cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi thabhairt ar aird na sonraí ach amháin má tá iarrtha ag an údarás eisiúna ar an soláthraí seirbhíse staonadh ón rialaitheoir a chur ar an eolas, chomh fada agus is gá agus is comhréireach, ionas nach gcuirfear bac ar na himeachtaí coiriúla ábhartha. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás eisiúna na cúiseanna leis an moill maidir leis an rialaitheoir a chur ar an eolas in iúl i gcomhad an cháis. Cuirfear réasúnú gearr isteach san EPOC freisin.
Airteagal 5 8.
I gcás ina ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid den bhonneagar atá á chur ar fáil ag soláthraí seirbhíse a eisiúint d'údarás poiblí, ní fhéadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin i gcás ina bhfuil an t-údarás poiblí dá bhfuil na sonraí á stóráil nó á bpróiseáil ar bhealach eile lonnaithe sa Stát eisiúna.
Airteagal 5 9.

I gcásanna ina ndéanann soláthraí seirbhíse na sonraí atá faoi chosaint phribhléid ghairmiúil faoi dhlí an Stáit eisiúna a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid de bhonneagar arna sholáthar do ghairmithe atá cumhdaithe ag pribhléid ghairmiúil (‘gairmí faoi phribhléid’), ina gcáil ghnó, ní fhéadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint chun sonraí tráchta a fháil, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go bhfuil cónaí ar an ngairmí faoi phribhléid sa Stát eisiúna;

(b) 

go bhféadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú trí dhíriú ar an ngairmí faoi phribhléid; nó

(c) 

gur tarscaoileadh na pribhléidí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

Airteagal 5 10.
Má tá cúiseanna ag an údarás eisiúna lena chreidiúint maidir leis na sonraí tráchta, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó maidir leis na sonraí inneachair a iarradh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird go bhfuil siad faoi chosaint ag díolúintí nó ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí sin faoi réir rialacha sa Stát sin maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh agus a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, féadfaidh an t-údarás eisiúna soiléiriú a lorg sula n-eiseofar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Stáit forfheidhmiúcháin, go díreach nó trí Eurojust nó tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Ní eiseoidh an t-údarás eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird má chinneann sé maidir leis na sonraí tráchta a iarradh, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó maidir leis na sonraí inneachair go bhfuil siad faoi chosaint ag díolúintí nó ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí sin faoi réir rialacha sa Stát sin maidir le cinneadh agus teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.