|
+Airteagal 5 9. |
Airteagal 5 9.I gcásanna ina ndéanann soláthraí seirbhíse na sonraí atá faoi chosaint phribhléid ghairmiúil faoi dhlí an Stáit eisiúna a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid de bhonneagar arna sholáthar do ghairmithe atá cumhdaithe ag pribhléid ghairmiúil (‘gairmí faoi phribhléid’), ina gcáil ghnó, ní fhéadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint chun sonraí tráchta a fháil, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
go bhfuil cónaí ar an ngairmí faoi phribhléid sa Stát eisiúna;
(b)
go bhféadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú trí dhíriú ar an ngairmí faoi phribhléid; nó
(c)
gur tarscaoileadh na pribhléidí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|