+Airteagal 6 Coinníollacha maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
|
Airteagal 6 Coinníollacha maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Ní fhéadfaidh údarás eisiúna Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 5(8).
|
|
Airteagal 6 2.
|
Beidh Ordú Caomhnaithe Eorpach riachtanach agus comhréireach chun cosc a chur ar bhaint, scriosadh nó athrú sonraí d’fhonn iarraidh a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na sonraí sin a thabhairt ar aird trí chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, trí Ordú Imscrúdaithe Eorpach (EIO) nó trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Féadfar Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint maidir le gach cion coiriúil, más rud é go bhféadfaí é a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás intíre comhchosúil, agus chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú ar feadh 4 mhí ar a laghad, tar éis imeachtaí coiriúla, arna bhforchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in Ordú Caomhnaithe Eorpach:
(a)
an t-údarás eisiúna agus, nuair is infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe;
(b)
seolaí an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 7;
(c)
an t-úsáideoir, ach amháin i gcás gurb é sainaithint an úsáideora an t-aon chuspóir atá leis an ordú, nó aon aitheantóir uathúil eile amhail ainm úsáideora, aitheantas logála isteach nó ainm cuntais chun na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith a chinneadh;
(d)
catagóir na sonraí a iarradh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (9) go (12);
(e)
más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith;
(f)
na forálacha is infheidhme maidir le dlí coiriúil an Stáit eisiúna;
(g)
na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Caomhnaithe Eorpach na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta faoi mhír 2 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|