|
+Airteagal 6 4. |
Airteagal 6 4.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in Ordú Caomhnaithe Eorpach:
(a)
an t-údarás eisiúna agus, nuair is infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe;
(b)
seolaí an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 7;
(c)
an t-úsáideoir, ach amháin i gcás gurb é sainaithint an úsáideora an t-aon chuspóir atá leis an ordú, nó aon aitheantóir uathúil eile amhail ainm úsáideora, aitheantas logála isteach nó ainm cuntais chun na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith a chinneadh;
(d)
catagóir na sonraí a iarradh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (9) go (12);
(e)
más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith;
(f)
na forálacha is infheidhme maidir le dlí coiriúil an Stáit eisiúna;
(g)
na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Caomhnaithe Eorpach na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta faoi mhír 2 den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|