+Airteagal 12 1.

Airteagal 12 1.

I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an údarás eisiúna don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, agus gan dochar d’Airteagal 1(3), déanfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin, a luaithe is féidir ach ar a dhéanaí laistigh de 10 lá tar éis an fógra a fháil, nó, i gcásanna éigeandála, ar a dhéanaí laistigh de 96 uair an chloig tar éis fógra den sórt sin a fháil, measúnú ar an bhfaisnéis atá leagtha amach san ordú agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na forais diúltaithe seo a leanas a ardú:

(a) 

go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó forfheidhmiú an ordaithe, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile a chinneadh nó a theorannú, ar rialacha iad lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an ordaithe;

(b) 

i gcásanna eisceachtúla, go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an ordaithe i gcúinsí áirithe an cháis;

(c) 

go mbeadh forghníomhú an ordaithe in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

(d) 

nach ionann an t-iompar ar ina leith a eisíodh an t-ordú agus cion faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, murar rud é go mbaineann sé le cion a liostaítear laistigh de na catagóirí cionta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, mar atá léirithe ag an údarás eisiúna san EPOC é, más rud é gur cion inphionóis sa Stát eisiúna é le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.