|
+Airteagal 16 4. |
Airteagal 16 4.Ní fhéadfar forfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú ach amháin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
(a)
nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4 an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird;
(b)
nár eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird maidir le cion dá bhforáiltear le hAirteagal 5(4);
(c)
nach bhféadfadh an seolaí an EPOC a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOC;
(d)
nach mbaineann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann tráth a fhaightear an EPOC;
(e)
nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo an tseirbhís;
(f)
go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le cinneadh nó teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird;
(g)
i gcásanna eisceachtúla, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC amháin, gur léir go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, i gcúinsí áirithe an cháis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|