+Airteagal 16 Nós imeachta maidir le forfheidhmiú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.
---+Airteagal 16 10.

Airteagal 16 Nós imeachta maidir le forfheidhmiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
I gcás nach gcomhlíonann an seolaí EPOC laistigh den spriocdháta nó nach gcomhlíonann sé EPOC-PR, gan cúiseanna a nglacann an t-údarás eisiúna leo a chur ar fáil, agus, más infheidhme, i gcás nár agair an t-údarás forfheidhmiúcháin aon cheann de na forais diúltaithe dá bhforáiltear in Airteagal 12, féadfaidh an t-údarás eisiúna a iarraidh ar an údarás forfheidhmiúcháin an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a fhorfheidhmiú.

Chun críche an fhorfheidhmithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, aistreoidh an t-údarás eisiúna an t-ordú lena mbaineann, an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III arna líonadh isteach ag an seolaí, agus aon doiciméad ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 19. Aistreoidh an t-údarás eisiúna an t-ordú lena mbaineann agus aon doiciméad atá le haistriú go ceann de na teangacha a nglacann an Stát forfheidhmiúcháin leo agus cuirfidh sé an seolaí ar an eolas faoin aistriú.

Airteagal 16 2.

Ar a fháil sin dó, déanfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin, gan foirmiúlachtaí breise, aitheantas a thabhairt don mhéid seo a leanas, agus déanfaidh sé na bearta is gá chun an méid seo a leanas a fhorfheidhmiú:

(a) 

Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag ceann de na forais dá bhforáiltear i mír 4; nó

(b) 

Ordú Caomhnaithe Eorpach, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag ceann de na forais dá bhforáiltear i mír 5.

Glacfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin an cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don ordú lena mbaineann gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó an t-ordú sin a fháil.

Airteagal 16 3.

Cuirfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin ceangal foirmiúil ar an seolaí a n-oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh, agus cuirfidh sé an seolaí ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a) 

an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne fhorghníomhú an ordaithe lena mbaineann trí cheann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear i mír 4, pointí (a) go (f), nó i mír 5, pointí (a) go (e) a agairt;

(b) 

na pionóis is infheidhme i gcás neamhchomhlíonta; agus

(c) 

an sprioc-am chun é a comhlíonadh nó chun agóid a dhéanamh ina choinne.

Airteagal 16 4.

Ní fhéadfar forfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú ach amháin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a) 

nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4 an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird;

(b) 

nár eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird maidir le cion dá bhforáiltear le hAirteagal 5(4);

(c) 

nach bhféadfadh an seolaí an EPOC a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOC;

(d) 

nach mbaineann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann tráth a fhaightear an EPOC;

(e) 

nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo an tseirbhís;

(f) 

go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le cinneadh nó teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird;

(g) 

i gcásanna eisceachtúla, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC amháin, gur léir go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, i gcúinsí áirithe an cháis.

Airteagal 16 5.

Ní fhéadfar forghníomhú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh a dhiúltú ach amháin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a) 

nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4 an tOrdú Caomhnaithe Eorpach;

(b) 

nach bhféadfadh an seolaí an EPOC-PR a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOC-PR;

(c) 

nach mbaineann an tOrdú Caomhnaithe Eorpach le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann tráth an EPOC-PR a fháil;

(d) 

nach gcumhdaítear le raon an Rialacháin seo an tseirbhís;

(e) 

go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh;

(f) 

i gcásanna eisceachtúla, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC-PR amháin, gur léir go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh i gcúinsí áirithe an cháis.

Airteagal 16 6.
I gcás ina ndéanfaidh an seolaí dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) agóid, cinnfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin cibé acu a fhorfheidhmeofar nó nach bhforfheidhmeofar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach ar bhonn aon fhaisnéise arna soláthar ag an seolaí agus, más gá, ar bhonn faisnéis fhorlíontach a fuarthas ón údarás eisiúna i gcomhréir le mír 7.
Airteagal 16 7.
Sula gcinnfidh sé gan an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a aithint nó gan iad a fhorfheidhmiú i gcomhréir le mír 2 nó mír 6, faoi seach, rachaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin i gcomhairle leis an údarás eisiúna trí aon bhealach iomchuí. Más iomchuí, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise ar an údarás eisiúna. Tabharfaidh an t-údarás eisiúna freagra ar aon iarraidh den sórt sin laistigh de 5 lá oibre.
Airteagal 16 8.
Cuirfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin a chinntí uile in iúl láithreach don údarás eisiúna agus don seolaí.
Airteagal 16 9.
Má fhaigheann an t-údarás forfheidhmiúcháin na sonraí atá á n-iarraidh le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ón seolaí, tarchuirfidh sé na sonraí sin chuig an údarás eisiúna gan moill mhíchuí.
Airteagal 16 10.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an seolaí a chuid oibleagáidí faoi Ordú Eorpach aitheanta chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó faoi Ordú Caomhnaithe Eorpach aitheanta a bhfuil a in-fhorfheidhmitheacht deimhnithe ag an údarás forfheidhmiúcháin, forchuirfidh an t-údarás sin pionós airgid i gcomhréir le hAirteagal 15. Beidh leigheas breithiúnach éifeachtach ar fáil in aghaidh cinneadh maidir le pionós airgid a fhorchur.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.