+Airteagal 18 Leigheasanna éifeachtacha
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.

Airteagal 18 Leigheasanna éifeachtacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Gan dochar a do leigheasanna dlíthiúla breise atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh sé de cheart ag aon duine a raibh a chuid sonraí á n-iarraidh trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, leigheasanna éifeachtacha a fháil in aghaidh an ordaithe sin. I gcás inar duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe an duine sin, beidh de cheart aige leigheasanna éifeachtacha a fháil le linn na n-imeachtaí coiriúla ina raibh na sonraí in úsáid. Beidh an ceart chun leigheasanna éifeachtacha dá dtagraítear sa mhír seo gan dochar don cheart leigheasanna a lorg faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir (AE) 2016/680.
Airteagal 18 2.
Déanfar an ceart chun leigheasanna éifeachtacha a fheidhmiú os comhair cúirte sa Stát eisiúna i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus cuirfear san áireamh ann an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht an bhirt, lena n-áirítear a riachtanas agus a chomhréireacht, gan dochar do ráthaíochtaí maidir le cearta bunúsacha sa Stát forfheidhmiúcháin.
Airteagal 18 3.
Chun críocha Airteagal 13(1), cuirfear faisnéis ar fáil in am trátha faoi na féidearthachtaí faoin dlí náisiúnta maidir le leigheasanna a lorg agus áiritheofar gur féidir iad a fheidhmiú go héifeachtach.
Airteagal 18 4.
Beidh feidhm ag na teorainneacha ama céanna nó ag na coinníollacha céanna eile chun leigheasanna a lorg i gcásanna intíre comhchosúla chun críocha an Rialacháin seo agus ar bhealach a ráthaíonn gur féidir leis na daoine lena mbaineann a gceart chun na leigheasanna sin a fheidhmiú go héifeachtach.
Airteagal 18 5.
Gan dochar do rialacha nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh an Stát eisiúna agus aon Bhallstát eile ar tarchuireadh fianaise leictreonach chuige faoin Rialachán seo go n-urramófar cearta cosanta agus cothroime na n-imeachtaí agus measúnú á dhéanamh ar fhianaise a fhaightear tríd an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.