|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, tabharfaidh siad deis d’úsáideoirí deiridh a bhfeithicil leictreach a athluchtú ar bhonn ad hoc ag na pointí athluchtaithe arna n-oibriú acu. Ag pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna n-imscaradh ón 13 Aibreán 2024, féadfar athluchtú ar bhonn ad hoc a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha ag na pointí sin trí theirminéil agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
(a)
léitheoirí cártaí íocaíochta;
(b)
gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad;
(c)
le haghaidh pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta faoi bhun 50 kW, gairis a úsáideann nasc idirlín agus lena gceadaítear idirbhearta slána íocaíochta amhail iad siúd a ghineann cód sonrach Mearfhreagartha. Ón 1 Eanáir 2027, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) nó (b) i ngach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, arna imscaradh feadh an ghréasáin bóithre TEN-T nó arna imscaradh ar limistéar páirceála sábháilte slán, lena n-áirítear pointí athluchtaithe arna n-imscaradh roimh an 13 Aibreán 2024. Féadfaidh teirminéal nó gaireas íocaíochta aonair dá dtagraítear sa dara fomhír freastal ar roinnt pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal i gcomhthiomsú athluchtaithe. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach ngearrtar táille leo as an tseirbhís athluchtaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|