|
+Airteagal 14 3. |
Airteagal 14 3.Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chreat beartais náisiúnta:
(a)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha i gcalafoirt mhuirí, amhail le haghaidh leictreachais agus hidrigine, le haghaidh seirbhísí calafoirt mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad ( 6 );
(b)
spriocanna agus bearta náisiúnta chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun cinn feadh na ngréasán bóithre nach n-áirítear sa chroíghréasán TEN-T ná sa ghréasán cuimsitheach TEN-T, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;
(c)
bearta chun inrochtaineacht bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar chríoch iomlán an Bhallstáit a ráthú, agus aird ar leith á tabhairt ar cheantair thuaithe chun a n-inrochtaineacht agus a gcomhtháthú críochach a áirithiú;
(d)
bearta chun a áirithiú go gcuirfear dlús an daonra san áireamh i ndlús bonneagair breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta;
(e)
spriocanna agus cuspóirí náisiúnta maidir le bonneagar breoslaí malartacha a bhaineann le pointí (a), (b), (c) agus (d) a imscaradh, ar spriocanna agus cuspóirí náisiúnta iad nach leagtar síos aon sprioc éigeantach ina leith sa Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|