+Airteagal 14 Creataí beartais náisiúnta
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.
|
Airteagal 14 Creataí beartais náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2024, ullmhóidh agus tarchuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún dréachtchreat beartais náisiúnta le haghaidh fhorbairt an mhargaidh maidir le breoslaí malartacha in earnáil an iompair agus imscaradh an bhonneagair ábhartha.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Beidh na gnéithe a leanas, ar a laghad, san áireamh sa chreat beartais náisiúnta:
(a)
measúnú ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh san am atá le teacht maidir le breoslaí malartacha in earnáil an iompair, agus maidir le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt, agus rochtain idirmhódúil ar bhonneagar breoslaí malartacha agus, i gcás inarb ábhartha, an leanúnachas trasteorann agus forbairt bonneagair breoslaí malartacha ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí á gcur san áireamh;
(b)
spriocanna agus cuspóirí náisiúnta de bhun Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a leagtar spriocanna náisiúnta éigeantacha amach ina leith sa Rialachán seo;
(c)
na beartais agus na bearta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí éigeantacha dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun imscaradh bonneagair breoslaí malartacha le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí agus stáisiúin athluchtaithe le haghaidh comhroinnt carranna;
(e)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun imscaradh stáisiún athluchtaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair a spreagadh agus a éascú in ionaid phríobháideacha nach bhfuil inrochtana don phobal;
(f)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun cinn i nóid uirbeacha, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;
(g)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun líon leordhóthanach pointí athluchtaithe ardchumhachta atá inrochtana don phobal a chur chun cinn;
(h)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, is gá chun a áirithiú go mbeidh imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe, lena n-áirítear dáileadh geografach pointí athluchtaithe déthreocha, ag rannchuidiú le solúbthacht an chórais fuinnimh agus le sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas in-athnuaite;
(i)
bearta chun a áirithiú, maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882;
(j)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhonneagar breoslaí malartacha a phleanáil, a cheadú, a sholáthar agus a oibriú;
(k)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha i gcalafoirt mhuirí seachas le haghaidh meatán leachtaithe agus soláthar leictreachais cois cladaigh lena n-úsáid ag soithí farraige, amhail hidrigin, amóinia, meatánól agus leictreachas;
(l)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, lena n-áirítear spriocanna, príomh-gharspriocanna agus maoiniú atá de dhíth, le haghaidh traenacha atá faoi tiomáint hidrigine nó traenacha faoi thiomáint ceallraí ar chodanna d’iarnród TEN-T nach féidir a leictriú;
(m)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha in aerfoirt seachas le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad, amhail le haghaidh athluchtú leictreach agus athbhreoslú hidrigine le haghaidh aerárthaí;
(n)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí, agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha in loingseoireacht intíre, amhail le haghaidh leictreachais agus hidrigine.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chreat beartais náisiúnta:
(a)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha i gcalafoirt mhuirí, amhail le haghaidh leictreachais agus hidrigine, le haghaidh seirbhísí calafoirt mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad (
6
);
(b)
spriocanna agus bearta náisiúnta chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun cinn feadh na ngréasán bóithre nach n-áirítear sa chroíghréasán TEN-T ná sa ghréasán cuimsitheach TEN-T, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;
(c)
bearta chun inrochtaineacht bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar chríoch iomlán an Bhallstáit a ráthú, agus aird ar leith á tabhairt ar cheantair thuaithe chun a n-inrochtaineacht agus a gcomhtháthú críochach a áirithiú;
(d)
bearta chun a áirithiú go gcuirfear dlús an daonra san áireamh i ndlús bonneagair breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta;
(e)
spriocanna agus cuspóirí náisiúnta maidir le bonneagar breoslaí malartacha a bhaineann le pointí (a), (b), (c) agus (d) a imscaradh, ar spriocanna agus cuspóirí náisiúnta iad nach leagtar síos aon sprioc éigeantach ina leith sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta riachtanais na modhanna éagsúla iompair atá ar a gcríoch.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta, de réir mar is iomchuí, leasanna na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na ngeallsealbhóirí lena mbaineann.
|
|
Airteagal 14 6.
|
I gcás inar gá, rachaidh Ballstáit i gcomhar le chéile, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe. Go háirithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun straitéisí a bhunú maidir le húsáid breoslaí malartacha agus imscaradh bonneagair chomhfhreagraigh san iompar d’uisce. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas comhair.
|
|
Airteagal 14 7.
|
Comhlíonfaidh bearta tacaíochta le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.
|
|
Airteagal 14 8.
|
Cuirfidh gach Ballstát a dhréachtchreat beartais náisiúnta ar fáil go poiblí agus áiritheoidh sé go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú an dréachtchreata beartais náisiúnta.
|
|
Airteagal 14 9.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtchreataí beartais náisiúnta agus féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig na Ballstáit. Eiseofar na moltaí sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thíolacadh na ndréachtchreataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfar go dtabharfar aghaidh, go háirithe, ar na nithe seo a leanas iontu:
(a)
leibhéal uaillmhéine na spriocanna agus na gcuspóirí d’fhonn na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11, 12 agus 13 a chomhlíonadh;
(b)
beartais agus bearta a bhaineann le spriocanna agus cuspóirí náisiúnta.
|
|
Airteagal 14 10.
|
Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholadh ón gCoimisiún ina chreat beartais náisiúnta críochnaitheach. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar mholadh nó ar chuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin míniú i scríbhinn don Choimisiún.
|
|
Airteagal 14 11.
|
Faoin 31 Nollaig 2025, dréachtóidh gach Ballstát a chreat beartais náisiúnta críochnaitheach i bhfoirm sholéite intuigthe agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith. Cuirfidh an Coimisiún na creataí beartais náisiúnta críochnaitheacha sin ar fáil go poiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|