+Airteagal 19 Faisnéis don úsáideoir
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
|
Airteagal 19 Faisnéis don úsáideoir
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Cuirfear faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus shoiléir ar fáil a mhéid a bhaineann le mótarfheithiclí a chuirtear ar an margadh ar féidir iad a athluchtú nó a athbhreoslú go rialta. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil mar a leanas:
(a)
i lámhleabhair mótarfheithiclí agus ar mhótarfheithiclí, ag na monaróirí, nuair a chuirtear na feithiclí sin ar an margadh;
(b)
ag pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe, ag oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe; agus
(c)
i gceadanna díoltóireachta mótarfheithiclí, ag na dáileoirí.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Cinnfear an bhfuil feithiclí agus bonneagair nó breoslaí agus feithiclí atá cumhdaithe ag mír 1 den Airteagal seo comhoiriúnach i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe 10.1 agus i bpointe 10.2 d’Iarscríbhinn II. I gcás ina dtagraíonn sonraíochtaí teicniúla den sórt sin do léiriú grafach, lena n-áirítear scéim dathchódaithe, beidh an léiriú grafach simplí agus sothuigthe. Beidh an léiriú grafach sin socraithe ar bhealach a bheidh infheicthe go soiléir:
(a)
ag na hoibreoirí pointe athbhreoslaithe, ar chaidéil chomhfhreagracha agus ar a mbuinní ag na pointí athbhreoslaithe go léir arna oibriú acu, ón dáta a chuirtear breoslaí ar an margadh;
(b)
ag an monaróir, i ngaireacht dhíreach do chaipíní umair bhreosla uile na mótarfheithiclí a bhfuil an breosla sin molta lena n-aghaidh agus comhoiriúnach ina gcomhair agus i lámhleabhair mótarfheithiclí, nuair a chuirtear na mótarfheithiclí sin ar an margadh.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Nuair a léirítear praghsanna breosla ag stáisiún athbhreoslaithe, áiritheoidh na Ballstáit go léireofar comparáid idir na praghsanna aonaid ábhartha, i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe le haghaidh hidrigine, chun críoch faisnéise de réir na modheolaíochta comhchoitinne chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí malartacha dá dtagraítear i bpointe 10.3 d’Iarscríbhinn II.
|
|
Airteagal 19 4.
|
I gcásanna nach n-áirítear sna caighdeáin Eorpacha lena socraítear sonraíochtaí teicniúla breosla, ceanglais lipéadaithe chun comhlíonadh na gcaighdeán lena mbaineann a léiriú, i gcás nach dtagraíonn na ceanglais lipéadaithe do léiriú grafach, lena n-áirítear scéimeanna dathchódaithe, nó i gcás nach bhfuil na ceanglais lipéadaithe oiriúnach chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfaidh an Coimisiún, chun críocha cur chun feidhme aonfhoirmeach mhíreanna 1 agus 2, sainordú a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú sonraíochtaí lipéadaithe comhoiriúnachta a fhorbairt. Ar bhonn na sonraíochtaí um lipéadú comhoiriúnachta arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú de bhun an tsainordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear an léiriú grafach, lena n-áirítear scéim dathchódaithe, maidir le comhoiriúnacht i gcás breoslaí a thugtar isteach ar mhargadh an Aontais agus a shroicheann leibhéal 1 % de mhéid iomlán na ndíolachán, sa mheasúnú ón gCoimisiún, i níos mó ná aon Bhallstát amháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).
|
|
Airteagal 19 5.
|
I gcás ina ndéantar forálacha maidir le lipéadú na gcaighdeán Eorpach faoi seach a thabhairt cothrom le dáta, nó ina bhforbraítear caighdeáin Eorpacha nua le haghaidh breoslaí malartacha, beidh feidhm ag na ceanglais chomhfhreagracha maidir le lipéadú i leith gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis an gníomh cur chun feidhme comhfhreagrach a ghlacadh agus maidir le gach mótarfheithicil a chuirtear ar an margadh ón dáta a thiocfaidh an gníomh comhfhreagrach cur chun feidhme i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|