6. Féadfaidh na Ballstáit longa paisinéirí a sholáthraíonn seirbhísí muiriompair de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí, a bheidh á n-oibriú roimh an 12 Deireadh Fómhair 2023, le haghaidh na mbealaí sonracha idir a gcalafoirt chuarda mhórthíre agus na calafoirt chuarda atá faoina ndlínse agus atá lonnaithe in oileán nó i gcathracha Ceuta agus Melilla. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Chun críocha chur i bhfeidhm na míre seo, measfar gur calafoirt chuarda ar oileán iad cathracha Ceuta agus Melilla.