+Airteagal 5 Úsáid Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6
---+Airteagal 5 7
---+Airteagal 5 8
---+Airteagal 5 9
---+Airteagal 5 10
|
Airteagal 5 Úsáid Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh, ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2033, is féidir iolraitheoir ‘2’ a úsáid chun luach saothair a thabhairt don long as RFNBO a úsáid. Tá an mhodheolaíocht don ríomh sin leagtha amach in Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán, ríomh agus foilsiú ar bhonn bliantúil, ar bhonn na sonraí arna dtaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 19 agus 18 mí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach tréimhse tuairiscithe, ar sciar an RFNBO san fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Más lú ná 1 % an sciar RFNBO dá dtagraítear i mír 2 don tréimhse tuairiscithe 2031, beidh feidhm ag fosprioc 2 % maidir leis na breoslaí sin san fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord ón 1 Eanáir 2034, faoi réir mhír 5.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás ina léireoidh torthaí an fhaireacháin dá bhforáiltear i mír 2 agus atá ar fáil roimh an 1 Eanáir 2033 go bhfuil an sciar dá dtagraítear i mír 2 níos mó ná 2 %.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Más rud é, bunaithe ar na gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear i mír 2 agus tar éis mheasúnú an Choimisiúin, go bhfuil fianaise ann go bhfuil acmhainneacht táirgeachta neamhleor ann agus nach bhfuil RFNBO ar fáil don earnáil mhuirí, dáileadh geografach míchothrom nó praghas ró-ard na mbreoslaí sin, ní bheidh feidhm ag an bhfosprioc dá bhforáiltear i mír 3.
|
|
Airteagal 5 6
|
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na critéir don mheasúnú dá bhforáiltear i mír 5 agus an modh chun fachtóir na difríochta i bpraghsanna idir RFNBO agus breoslaí iontaise a úsáidtear i gcill 14 den tábla i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a ríomh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
|
|
Airteagal 5 7
|
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
mír 5 den Airteagal seo a fhorlíonadh le heilimintí breise;
|
|
(b)
|
faisnéis a thabhairt faoi neamh-infheidhmeacht na fo-sprice dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a eascraíonn as an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó as an measúnú dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.
|
|
|
Airteagal 5 8
|
8. I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2033, gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a shonrú a thuilleadh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
fíorú agus ríomh dá dtagraítear in Airteagal 16;
|
|
(b)
|
na sásraí solúbthachta is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21;
|
|
(c)
|
pionóis FuelEU is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Iarscríbhinn IV.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
|
|
Airteagal 5 9
|
9. Ní bheidh feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, más infheidhme, maidir le long a léiríonn go mbaintear amach an sciar céanna den fhuinneamh bliantúil arna úsáid ar bord le breoslaí eile lena soláthraítear coigiltis choibhéiseacha astaíochtaí GCT agus atá deimhnithe de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo, cé is moite de bhithbhreoslaí dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.
|
|
Airteagal 5 10
|
10. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an sciar den fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord ó OPS.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|