8. I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2033, gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a shonrú a thuilleadh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
fíorú agus ríomh dá dtagraítear in Airteagal 16;
|
|
(b)
|
na sásraí solúbthachta is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21;
|
|
(c)
|
pionóis FuelEU is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Iarscríbhinn IV.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).