4. Gheobhaidh cuideachtaí na sonraí agus na doiciméid faireacháin uile, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta, nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le sonraí gníomhaíochta, agus déanfaidh siad anailís orthu agus stórálfaidh siad iad ar feadh 5 bliana ar a laghad, chomh maith le haon fhaisnéis eile is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú, ar bhealach trédhearcach agus cruinn, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, ionas go mbeidh an fíoraitheoir in ann déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a chinneadh.