+Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘aerfort de chuid an Aontais’‘aerfort’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) i gcás inar mhó an trácht paisinéirí ná 800 000 paisinéir nó i gcás inar mhó an trácht lasta ná 100 000 tona sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, agus nach bhfuil suite i réigiún forimeallach, mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE;

(2) 

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais’, i ndáil le haerfort de chuid an Aontais, ‘comhlacht bainistíochta an aerfoirt’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/12/CE nó, i gcás ina bhfuil bainistiú na mbonneagar láraithe le haghaidh córais dáileacháin breosla forchoimeádta do chomhlacht eile ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 8(1) de Threoir 96/67/CE ón gComhairle ( 2 ), an comhlacht eile sin;

(3) 

ciallaíonn ‘oibreoir aerárthaí’ duine a d’oibrigh ar a laghad 500 eitilt aeriompair tráchtála paisinéirí, nó 52 eitilt aeriompair uile-lasta tráchtála a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin nó, i gcás nach féidir an duine sin a shainaithint, úinéir an aerárthaigh;

(4) 

ciallaíonn ‘eitilt aeriompair tráchtála’ eitilt arna hoibriú chun críocha paisinéirí, lasta nó post a iompar le haghaidh luach saothair nó ar cíos, lena n-áirítear eitilt eitlíochta gnó a oibrítear chun críoch tráchtála;

(5) 

ciallaíonn ‘bealach’ turas a dhéantar ar eitilt, ag féachaint d’áit imeachta agus do cheann scríbe na heitilte sin;

(6) 

ciallaíonn ‘breosla eitlíochta’ breosla intiteáin arna mhonarú lena úsáid go díreach ag aerárthaí;

(7) 

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta inbhuanaithe’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:

(a) 

breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(b) 

bithbhreoslaí eitlíochta; nó

(c) 

breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte;

(8) 

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:

(a) 

‘bithbhreoslaí ardfhorbartha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001;

(b) 

‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, arna dtáirgeadh ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin; nó

(c) 

‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, cé is moite de bhithbhreoslaí arna dtáirgeadh ó ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), den Treoir sin, agus lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré a leagtar síos in Airteagal 29 den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(9) 

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(2) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(10) 

ciallaíonn ‘baisc’ cainníocht de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe is féidir a shainaithint le huimhir agus is féidir a rianú;

(11) 

ciallaíonn ‘astaíochtaí saolré’ astaíochtaí de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin lena gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh – astaíochtaí de tháirgeadh fuinnimh léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin, iompar, riar fuinnimh agus úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin, arna ríomh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 28(5) nó in Airteagal 31(5) de Threoir (AE) 2018/2001 nó de bhun dhlí ábhartha an Aontais;

(12) 

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(13) 

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta ar de thionscnamh neamhbhitheolaíoch iad, a ndíorthaítear a gcion fuinnimh ó hidrigin ísealcharbóin neamhiontaise, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;

(14) 

ciallaíonn ‘gnáthbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta a tháirgtear as foinsí breoslaí hidreacarbóin ar foinsí fuinnimh neamh-in-athnuaite iad;

(15) 

ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin atá le húsáid in aerárthaí a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí neamh-iontaise neamh-in-athnuaite, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;

(16) 

ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta’ hidrigin lena húsáid in aerárthaí a cháilíonn mar ‘breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, agus a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1), den Treoir sin agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(17) 

ciallaíonn ‘hidrigin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;

(18) 

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;

(19) 

ciallaíonn ‘soláthróir breosla eitlíochta’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 38, de Threoir (AE) 2018/2001, a sholáthraíonn breosla eitlíochta nó hidrigin le haghaidh eitlíochta ag aerfort de chuid an Aontais;

(20) 

ciallaíonn ‘láimhsealaí breosla’ soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a eagraíonn agus a dhéanann oibríochtaí breoslaithe agus díbhreoslaithe, lena n-áirítear stóráil breosla agus rialú cháilíocht agus chainníocht na seachadtaí breosla, chuig oibreoirí aerárthaí in aerfoirt de chuid an Aontais, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/67/CE;

(21) 

ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannoifig nó oifig chláraithe soláthróra breosla eitlíochta sa Bhallstát ina ndéantar príomhrialú airgeadais agus oibríochtúil an tsoláthróra breosla eitlíochta;

(22) 

ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ tréimhse aon bhliana, inar gá na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 10 a chur isteach, bliain dar tosach an 1 Eanáir agus dar críoch an 31 Nollaig;

(23) 

ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de chuid na bliana roimh an mbliain tuairiscithe;

(24) 

ciallaíonn ‘breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ an méid breosla eitlíochta ar a dtugtar ‘breosla turais’ agus ‘breosla innealta’ in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún ( 3 ) is gá chun na heitiltí uile a oibríonn oibreoir aerárthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a oibriú, a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;

(25) 

ciallaíonn ‘cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ an difríocht idir an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth agus an breosla arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí roimh eitiltí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;

(26) 

ciallaíonn ‘cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ méid na gcainníochtaí bliantúla nár forlíonadh na humair leo ag oibreoir aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais le linn tréimhse tuairiscithe;

(27) 

ciallaíonn ‘scéim gáis ceaptha teasa’ scéim lena mbronntar sochair ar oibreoirí aerárthaí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.