Tar éis gearán i scríbhinn a bheith tíolactha ag Ballstát, ag oibreoir aerárthaí, ag comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais lena mbaineann, nó ag soláthróir breosla eitlíochta, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt a tugadh don díolúine a deonaíodh de bhun mhír 5 den Airteagal seo i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina n-iarrtar ar an údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an díolúine sin ó thús na chéad tréimhse sceidealaithe eile de réir bhrí Airteagal 2, pointe (d) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle (
4
). I gcás ina dtosóidh an tréimhse sceidealaithe sin níos lú ná dhá mhí tar éis fhoilsiú an chinnidh, beidh feidhm ag an gcinneadh lena n-aisghairfear an díolúine ó thús na tréimhse sceidealaithe dá éis sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2).