+Airteagal 5 Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.

Airteagal 5 Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
90 % ar a laghad den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth a bheidh sa chainníocht bhliantúil de bhreosla eitlíochta arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí áirithe ag aerfort áirithe de chuid an Aontais.
Airteagal 5 2.
Féadfaidh oibreoir aerárthaí titim faoi bhun na tairsí i mír 1 den Airteagal seo i gcás inar gá ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha sábháilteachta breosla is infheidhme. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an t-oibreoir aerárthaí lena mbaineann bonn cirt don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) agus don Ghníomhaireacht a thiteann faoi bhun na tairsí sin, lena n-áirítear léiriú a thabhairt ar na bealaí lena mbaineann. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil faoi Airteagal 8. Déanfar na cainníochtaí breosla gaolmhara a thuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 8.
Airteagal 5 3.
Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh oibreoir aerárthaí, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, díolúine shealadach ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a iarraidh ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) i gcás eitiltí ar bhealach sonrach atá ann cheana nó ar bhealach nua is lú ná 850 ciliméadar, nó 1 200 ciliméadar i gcás bealaí a nascann le haerfoirt atá suite ar oileáin gan naisc iarnróid ná naisc bhóthair, ag imeacht ó aerfort de chuid an Aontais. Déanfar an fad sin a thomhas trí mhodh an bhealaigh mhórchiorclaigh.

Déanfar iarraidh den sórt sin trí mhí ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe i gcomhair chur i bhfeidhm na díolúine, arna tacú le bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach. Ba cheart an díolúine sin a bheith teoranta do na cásanna seo a leanas:

(a) 

deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag an aerfort áirithe de chuid an Aontais, rud a chuireann cosc ar oibreoirí aerárthaí casadh thart laistigh de thréimhse réasúnach; nó

(b) 

deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla eitlíochta a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, as a n-eascraíonn praghsanna i bhfad níos airde ar bhreoslaí eitlíochta i gcomparáid le praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha comhchosúla breoslaí eitlíochta in aerfoirt eile de chuid an Aontais mar gheall go háirithe ar shrianta sonracha iompair breosla nó ar infhaighteacht theoranta breoslaí ag an aerfort sin de chuid an Aontais agus a chuireann míbhuntáiste suntasach san iomaíocht ar an oibreoir aerárthaí lena mbaineann i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.

Airteagal 5 4.
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla an iarraidh sin a mheasúnú. I bhfianaise an bhonn chirt a tugadh, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh.
Airteagal 5 5.
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis an iarraidh sin gan moill mhíchuí agus aon mhí amháin ar a dhéanaí roimh dháta chur i bhfeidhm na díolúine atá beartaithe. I gcás ina n-iarrfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla faisnéis bhreise de bhun mhír 4, cuirfear an spriocdháta don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla chun cinneadh a dhéanamh ar fionraí go dtí go gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí faisnéis iomlán ar fáil.

Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag an díolúine a dheonófar, nach faide ná bliain amháin, agus déanfar athbhreithniú uirthi arna iarraidh sin don oibreoir aerárthaí.

Airteagal 5 6.
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh glacadh le haon chéad iarraidh ar dhíolúine arna tíolacadh de bhun mhír 3 nó diúltú di. I gcás ina mainnítear cinneadh den sórt sin a ghlacadh laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 5, ní mheasfar gur cinneadh é lena n-údaraítear an díolúine a iarradh. I gcás ina mainnítear cinneadh a ghlacadh maidir le hiarraidh ar dhíolúine atá ann cheana a athnuachan, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach ag tacú leis an iarraidh sin, aon mhí amháin ar a dhéanaí roimh dháta na hathnuachana atá beartaithe, measfar gur cinneadh é lena n-údaraítear leanúint den díolúine a iarradh a chur i bhfeidhm.
Airteagal 5 7.
Beidh sé de cheart ag an oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla a dhiúltaíonn iarraidh ar dhíolúine.
Airteagal 5 8.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún faoi liosta na ndíolúintí údaraithe agus diúltaithe, agus tabharfaidh sé an bonn cirt lena chinneadh agus an measúnú ar a bhfuil sé bunaithe. Foilseoidh an Coimisiún liosta na ndíolúintí údaraithe agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.
Airteagal 5 9.
Tar éis gearán i scríbhinn a bheith tíolactha ag Ballstát, ag oibreoir aerárthaí, ag comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais lena mbaineann, nó ag soláthróir breosla eitlíochta, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt a tugadh don díolúine a deonaíodh de bhun mhír 5 den Airteagal seo i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina n-iarrtar ar an údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an díolúine sin ó thús na chéad tréimhse sceidealaithe eile de réir bhrí Airteagal 2, pointe (d) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle ( 4 ). I gcás ina dtosóidh an tréimhse sceidealaithe sin níos lú ná dhá mhí tar éis fhoilsiú an chinnidh, beidh feidhm ag an gcinneadh lena n-aisghairfear an díolúine ó thús na tréimhse sceidealaithe dá éis sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
Airteagal 5 10.
Chun a bheith in ann na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar na Ballstáit agus ar oibreoirí aerárthaí. Cuirfidh na Ballstáit agus oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis sin ar fáil gan moill mhíchuí. Éascóidh na Ballstáit soláthar faisnéise ag oibreoirí aerárthaí.
Airteagal 5 11.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Meán Fómhair 2024, treoirlínte a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ndíolúintí dá dtagraítear san Airteagal seo. Leis na treoirlínte sin, áireofar gnéithe atá le soláthar ag oibreoir aerárthaí chun údar a thabhairt leis na díolúintí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.