+Airteagal 9 Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
|
Airteagal 9 Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Ní éileoidh oibreoirí aerárthaí sochair as baisc chomhionann de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid faoi níos mó ná scéim gáis ceaptha teasa amháin. Bunaítear an fachtóir astaíochta maidir le húsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir sin. Chun críche lamháltais a leithdháileadh faoi CTA AE, beidh feidhm ag Treoir 2003/87/CE. Chun críche lamháltais a leithdháileadh a choimeádtar chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ardú faoi CTA AE, beidh feidhm ag Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE. Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na nithe seo a leanas a sholáthar don Ghníomhaireacht, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8:
(a)
dearbhú maidir leis na scéimeanna gás ceaptha teasa a nglacann siad páirt iontu agus inar féidir leo breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú;
(b)
dearbhú nár thuairiscigh siad baisceanna comhionanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoi chuimsiú níos mó ná scéim gás ceaptha teasa amháin; agus
(c)
faisnéis maidir le rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta airgeadais de chuid an Aontais, scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha lena gcumasaítear oibreoirí aerárthaí a chúiteamh as costais breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ceannaíodh agus faisnéis faoi cé acu a fuair nó nach bhfuair an bhaisc chéanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe tacaíocht faoi níos mó ná scéim tacaíochta airgeadais amháin.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Soláthróidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis chruinn ábhartha d’oibreoirí aerárthaí a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe saor in aisce, a luaithe is féidir agus in aon chás, tráth nach déanaí ná an 14 Feabhra de gach bliain tuairiscithe, chun úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú faoi Airteagal 8 den Rialachán seo, nó faoi scéim gás ceaptha teasa.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí a iarraidh ar an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar dó maidir le hoibleagáidí tuairiscithe eile, lena n-áirítear iad siúd faoin dlí náisiúnta. Soláthróidh an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis sin saor in aisce. I gcás ina mbaineann an iarraidh le faisnéis a bhaineann le tréimhse a chríochnaigh cheana tráth na hiarrata, soláthróidh an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis sin laistigh de 90 lá ó dháta na hiarrata sin.
►C3
I gcás ina mbaineann an iarraidh le faisnéis a bhaineann le tréimhse nár chríochnaigh fós tráth a rinneadh an iarraidh, féachfaidh an t-oibreoir aerárthaí lena iarraidh a chur isteach 45 lá ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse sin. ◄ Soláthróidh an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis sin laistigh de 45 lá ó dheireadh na tréimhse sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|