+Airteagal 9 1.

Airteagal 9 1.

Ní éileoidh oibreoirí aerárthaí sochair as baisc chomhionann de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid faoi níos mó ná scéim gáis ceaptha teasa amháin. Bunaítear an fachtóir astaíochta maidir le húsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir sin. Chun críche lamháltais a leithdháileadh faoi CTA AE, beidh feidhm ag Treoir 2003/87/CE. Chun críche lamháltais a leithdháileadh a choimeádtar chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ardú faoi CTA AE, beidh feidhm ag Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE.

Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na nithe seo a leanas a sholáthar don Ghníomhaireacht, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8:

(a) 

dearbhú maidir leis na scéimeanna gás ceaptha teasa a nglacann siad páirt iontu agus inar féidir leo breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú;

(b) 

dearbhú nár thuairiscigh siad baisceanna comhionanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoi chuimsiú níos mó ná scéim gás ceaptha teasa amháin; agus

(c) 

faisnéis maidir le rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta airgeadais de chuid an Aontais, scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha lena gcumasaítear oibreoirí aerárthaí a chúiteamh as costais breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ceannaíodh agus faisnéis faoi cé acu a fuair nó nach bhfuair an bhaisc chéanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe tacaíocht faoi níos mó ná scéim tacaíochta airgeadais amháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.