|
+Airteagal 14 6. |
Airteagal 14 6.Eiseoidh an Ghníomhaireacht lipéid arna iarraidh sin d’oibreoir aerárthaí le haghaidh gach eitilte nó gach tacair d’eitiltí a oibrítear faoi na coinníollacha céanna, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 3 agus na modheolaíochta caighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe agus na fachtóirí caighdeánaithe atá bunaithe ar an eolaíocht dá dtagraítear i mír 4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cheangal ar an oibreoir aerárthaí an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar nó an lipéad a eisiúint. I gcás nach gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí an fhaisnéis uile is gá isteach chun go n-eiseoidh an Ghníomhaireacht an lipéad a iarradh, diúltóidh an Ghníomhaireacht don iarraidh. Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta arna ndéanamh de bhun na míre seo agus mhír 7 den Airteagal seo. Déanfar achomharc den sórt sin a chomhdú leis an mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) laistigh de 10 lá tar éis an fógra faoin gcinneadh a fháil. Beidh feidhm ag Airteagail 106 agus 107, Airteagal 108(2) agus (3), agus Airteagail 111, 112, 113 agus 114 de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar aon chinneadh a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht de bhun na míre seo gan moill mhíchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|