|
+Airteagal 14 11. |
Airteagal 14 11.Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2025 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid a leanas:
(a)
an mhodheolaíocht chaighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe dá dtagraítear i mír 4, bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe na sonraí arna soláthar ag an nGníomhaireacht agus lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na meastacháin dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a úsáid;
(b)
an nós imeachta trína soláthróidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis ábhartha don Ghníomhaireacht chun lipéad a eisiúint, agus an nós imeachta don Ghníomhaireacht chun an lipéad sin a eisiúint, lena n-áirítear an teorainn ama faoina bhfuil an Ghníomhaireacht le cinneadh a dhéanamh de bhun mhír 6;
(c)
fad bailíochta na lipéad arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo, nach faide ná bliain amháin;
(d)
na coinníollacha faoina bhfuil an Ghníomhaireacht leis an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh;
(e)
an nós imeachta a luaitear i mír 7 trína bhféadfaidh an Ghníomhaireacht lipéid atá ann cheana a chúlghairm nó lipéad nua a eisiúint;
(f)
na teimpléid chun lipéid a thaispeáint arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo;
(g)
rochtain éasca a áirithiú ar gach lipéad eisithe i bhformáid atá inléite ag meaisín;
(h)
an fhéidearthacht agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh oibreoirí aerárthaí, gan lipéad a úsáid faoin Airteagal seo, aon fhaisnéis faoi fheidhmíocht chomhshaoil atá comhchosúil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thaispeáint i gcás eitiltí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|