|
+Airteagal 3 4. |
Airteagal 3 4.Agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna san áireamh aon chaighdeáin atá ann cheana i ngníomhartha reachtacha earnála comhfhreagracha an Aontais agus, go háirithe, aon chaighdeáin atá saindeartha do FBManna. Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2028. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Glacfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a thíolactar ceart, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le sonraí pearsanta a áireamh in aighneachtaí deonacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|