+Airteagal 3 Faisnéis a thíolacadh go deonach
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Faisnéis a thíolacadh go deonach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Ón 10 Eanáir 2030, féadfaidh eintiteas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas chun an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana ar ESAP. Agus faisnéis den sórt sin á cur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin, déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:
(a)
a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear go ndéantar an fhaisnéis inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach;
(b)
a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis;
(c)
a áirithiú go bhfuil ag gabháil leis an bhfaisnéis na meiteashonraí is gá d’fheidhmiú fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
(d)
formáid ónar féidir sonraí a asbhaint a úsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh;
(e)
a áirithiú go dtagann an fhaisnéis arna tíolacadh faoi raon feidhme Airteagal 1(1), pointe (b);
(f)
a áirithiú nach n-áirítear san fhaisnéis aon sonraí pearsanta, cé is moite de chás ina gceanglaítear na sonraí pearsanta le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó inar cuid riachtanach den fhaisnéis iad maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha an eintitis.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Faoin 9 Eanáir 2030, ainmneoidh gach Ballstát comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad chun faisnéis arna tíolacadh ar bhonn deonach a bhailiú agus tabharfaidh sé fógra do ESMA faoin méid sin.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Déanfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (le chéile, na ‘ÚMEnna’) dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, tríd an gComhchoiste, chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na meiteashonraí atá le bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis a tíolacadh i gcomhréir le mír 1;
(b)
i gcás inarb infheidhme, na formáidí sonracha nó na teimpléid shonracha atá le húsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna san áireamh aon chaighdeáin atá ann cheana i ngníomhartha reachtacha earnála comhfhreagracha an Aontais agus, go háirithe, aon chaighdeáin atá saindeartha do FBManna. Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2028. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Glacfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a thíolactar ceart, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le sonraí pearsanta a áireamh in aighneachtaí deonacha.
|
|
Airteagal 3 5.
|
I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na heintitis go mbeidh aon phróiseáil a dhéantar ar na sonraí sin bunaithe ar cheann de na forais dhleathacha le haghaidh próiseála a liostaítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí maidir le próiseáil na sonraí pearsanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|