+Airteagal 5 8.

Airteagal 5 8.

Féadfaidh comhlacht bailiúcháin na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (e), (f), (g), agus míreanna 3 agus 4 a tharmligean chuig duine dlítheanach a rialaítear le dlí Ballstáit nó chuig comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais (‘an tarmligí’). Beidh aon tarmligean cúraimí i bhfoirm comhaontú i scríbhinn lena sonraítear na cúraimí atá le tarmligean agus na coinníollacha faoina bhfuil siad le déanamh (‘comhaontú tarmligin’).

Leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú tarmligin, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a) 

níl aon choinbhleacht leasa ag an tarmligí;

(b) 

ní úsáideann an tarmligí an fhaisnéis a fuarthas go míchuí nó ar bhealach frithiomaíoch nó chun críche eile seachas an chríoch a luaitear sa chomhaontú tarmligin;

(c) 

áirithíonn an tarmligí cosaint na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 6 maidir leis na cúraimí tarmligthe;

(d) 

cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas go rialta maidir lena fheidhmiú foriomlán i leith na gcúraimí tarmligthe;

(e) 

gan moill mhíchuí, cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas faoi aon mhainneachtain cúram tarmligthe a dhéanamh.

Leanfaidh an comhlacht bailiúcháin de bheith freagrach as aon chúraimí a tharmligeann sé, lena n-áirítear aon fhaisnéis a theastaíonn ó ESMA maidir le cúram tarmligthe a chur ar fáil do ESMA.

Ní dhéanfaidh an fíoras go bhfuil cúraimí tarmligthe chuig tríú páirtí ag an gcomhlacht bailiúcháin difear do dhliteanas an chomhlachta bailiúcháin. Ní dhéanfaidh an comhlacht bailiúcháin a chúraimí a tharmligean a mhéid nach féidir a mheas gur comhlacht bailiúcháin é a thuilleadh.

Áiritheoidh an comhlacht bailiúcháin go ndéanfar aon tarmligean cúraimí a fheidhmiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus go n-úsáidfear an tarmligean, a mhéid is féidir, chun gur féidir nósanna imeachta agus bonneagar bailiúcháin atá ann cheana leanúint d’fheidhm a bheith acu chun críocha ESAP.

Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra do ESMA faoi aon chomhaontú tarmligin a thugann sé i gcrích.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.