+Airteagal 5 Cúraimí na gcomhlachtaí bailiúcháin agus freagrachtaí na n-eintiteas
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.
---+Airteagal 5 12.
|
Airteagal 5 Cúraimí na gcomhlachtaí bailiúcháin agus freagrachtaí na n-eintiteas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin an méid seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis arna tíolacadh ag na heintitis a bhailiú;
(b)
an fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis nó arna giniúint ag na comhlachtaí bailiúcháin féin a stóráil agus, i gcás inarb ábhartha, brath ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagar atá ann cheana chun faisnéis a stóráil;
(c)
bailíochtú teicniúil uathoibrithe a dhéanamh i leith na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis chun a fhíorú an gcomhlíonann an fhaisnéis na nithe seo a leanas:
(i)
tíolacadh í agus úsáid á baint as formáid ónar féidir sonraí a asbhaint nó, i gcás inarb iomchuí, as an bhformáid mheaisín-inléite a shonraítear in aon cheann de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), ar dá bhun a thíolactar an fhaisnéis;
(ii)
tá na meiteashonraí don fhaisnéis, mar a shonraítear de bhun mhír 10, pointe (e), den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 3(1), pointe (a), ar fáil agus iomlán;
(iii)
tá ríomhshéala cáilithe ag gabháil léi, i gcás inar gá;
(d)
gan coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP, seachas coinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear in Airteagal 9;
(e)
API a chur chun feidhme agus an fhaisnéis, na meiteashonraí le haghaidh na faisnéise sin agus, i gcás inar gá, an ríomhshéala cáilithe a sholáthar do ESAP saor in aisce agus laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme;
(f)
a mhéid a thagann sé faoi inniúlacht theicniúil an chomhlachta bailiúcháin, cúnamh a sholáthar do na heintitis a thíolacann an fhaisnéis i ndáil leis an bpróiseas a bhaineann le tíolacadh, diúltú agus atíolacadh na faisnéise ar a laghad;
(g)
a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) fós ar fáil do ESAP go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a).
Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo, agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina dtagraítear leis na meiteashonraí a ghabhann leis an bhfaisnéis a tíolacadh d’aon sonraí pearsanta, nach gcoinneofar an fhaisnéis sin chun í a chur ar fáil do ESAP, ná nach ndéanfar inrochtana ar ESAP í, ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Féadfaidh na comhlachtaí bailiúcháin diúltú d’fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis i gcás inar follasach go bhfuil an fhaisnéis míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1). Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin faisnéis a rinneadh inrochtana ar ESAP a bhaint, ar faisnéis í a chinneann siad a bheith, go follasach, míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
|
|
Airteagal 5 3.
|
Diúltóidh na comhlachtaí bailiúcháin d’fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis i gcás ina léiríonn an bailíochtú uathoibrithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo nach gcomhlíonann an fhaisnéis na ceanglais a leagtar síos sa phointe sin nó, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn fógraí a fuarthas de bhun Airteagal 10(2).
|
|
Airteagal 5 4.
|
Tabharfaidh na comhlachtaí bailiúcháin fógra d’eintitis faoi dhiúltú na faisnéise nó faoi bhaint na faisnéise agus faoi na cúiseanna atá leis sin, laistigh de thréimhse ama réasúnach.
|
|
Airteagal 5 5.
|
I gcás ina ndéanann comhlacht bailiúcháin an fhaisnéis arna tíolacadh ag eintiteas de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), a dhiúltú nó a bhaint, déanfaidh an t-eintiteas sin an fhaisnéis a cheartú agus a atíolacadh arís gan moill mhíchuí. Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra do ESMA i gcás ina ndéantar faisnéis a dhiúltú nó a bhaint nó i gcás ina ndéantar faisnéis eile a chur ina hionad de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh eintitis a roghnú faisnéis a thíolacadh aon uair amháin agus d’aon chomhlacht bailiúcháin amháin. Is chuig an gcomhlacht bailiúcháin céanna a dhéanfar tíolacadh faisnéise agus aon atíolacadh faisnéise, in éineacht leis na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Beidh eintitis freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sa teanga ina dtíolactar í, agus as na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi a chuireann siad faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin. Go háirithe, beidh eintitis freagrach as a shainaithint an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis a chuireann siad faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin in éineacht leis na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi lena léirítear an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
|
|
Airteagal 5 7.
|
A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní dhéanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin an ceart atá ag déantóir bunachair sonraí a fheidhmiú, ar ceart é dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), nó ní dhéanfaidh siad aon chearta maoine intleachtúla eile a fheidhmiú ar bhealach a chuireann cosc nó srian ar úsáid agus athúsáid ábhar an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Féadfaidh comhlacht bailiúcháin na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (e), (f), (g), agus míreanna 3 agus 4 a tharmligean chuig duine dlítheanach a rialaítear le dlí Ballstáit nó chuig comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais (‘an tarmligí’). Beidh aon tarmligean cúraimí i bhfoirm comhaontú i scríbhinn lena sonraítear na cúraimí atá le tarmligean agus na coinníollacha faoina bhfuil siad le déanamh (‘comhaontú tarmligin’). Leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú tarmligin, áiritheofar an méid seo a leanas:
(a)
níl aon choinbhleacht leasa ag an tarmligí;
(b)
ní úsáideann an tarmligí an fhaisnéis a fuarthas go míchuí nó ar bhealach frithiomaíoch nó chun críche eile seachas an chríoch a luaitear sa chomhaontú tarmligin;
(c)
áirithíonn an tarmligí cosaint na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 6 maidir leis na cúraimí tarmligthe;
(d)
cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas go rialta maidir lena fheidhmiú foriomlán i leith na gcúraimí tarmligthe;
(e)
gan moill mhíchuí, cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas faoi aon mhainneachtain cúram tarmligthe a dhéanamh.
Leanfaidh an comhlacht bailiúcháin de bheith freagrach as aon chúraimí a tharmligeann sé, lena n-áirítear aon fhaisnéis a theastaíonn ó ESMA maidir le cúram tarmligthe a chur ar fáil do ESMA. Ní dhéanfaidh an fíoras go bhfuil cúraimí tarmligthe chuig tríú páirtí ag an gcomhlacht bailiúcháin difear do dhliteanas an chomhlachta bailiúcháin. Ní dhéanfaidh an comhlacht bailiúcháin a chúraimí a tharmligean a mhéid nach féidir a mheas gur comhlacht bailiúcháin é a thuilleadh. Áiritheoidh an comhlacht bailiúcháin go ndéanfar aon tarmligean cúraimí a fheidhmiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus go n-úsáidfear an tarmligean, a mhéid is féidir, chun gur féidir nósanna imeachta agus bonneagar bailiúcháin atá ann cheana leanúint d’fheidhm a bheith acu chun críocha ESAP. Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra do ESMA faoi aon chomhaontú tarmligin a thugann sé i gcrích.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Áiritheoidh na comhlachtaí bailiúcháin leibhéil iomchuí bharántúlachta, infhaighteachta, sláine agus neamhshéanta na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis atá le déanamh inrochtana ar ESAP. Chun na leibhéil sin a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na comhlachtaí bailiúcháin a cheangal go mbeidh ríomhshéala cáilithe ag gabháil leis an bhfaisnéis arna tíolacadh ag eintitis atá le déanamh inrochtana ar ESAP.
|
|
Airteagal 5 10.
|
Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
an chaoi a bhfuil an bailíochtú uathoibrithe teicniúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo le déanamh le haghaidh gach cineáil faisnéise arna tíolacadh ag eintitis;
(b)
saintréithe an ríomhshéala cháilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(iii), den Airteagal seo agus i mír 9 den Airteagal seo;
(c)
na ceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo;
(d)
saintréithe API atá le cur chun feidhme de bhun mhír 1, pointe (e), den Airteagal seo;
(e)
saintréithe na meiteashonraí is gá d’fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3), na meiteashonraí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus aon mheiteashonraí eile is gá d’fheidhmiú ESAP;
(f)
na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo;
(g)
liosta táscach agus saintréithe na bhformáidí atá inghlactha mar fhormáidí ónar féidir sonraí a asbhaint agus mar fhormáidí meaisín-inléite dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(i), den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5 11.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10 á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna san áireamh aon chaighdeáin atá ann cheana i ngníomhartha reachtacha earnála comhfhreagracha an Aontais agus go háirithe na caighdeáin atá saindeartha do FBManna. Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2024. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 5 12.
|
Maidir le comhlachtaí bailiúcháin ar comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad a chuireann faisnéis stairiúil ar fáil do ESAP i gcomhréir le hAirteagal 1(3), déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis sin a ullmhú i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint;
(b)
meiteashonraí a chur ag gabháil leis an bhfaisnéis sin lena sonraítear an méid seo a leanas:
(ii)
cineál na faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c);
(iii)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b);
(c)
a shonrú gur faisnéis stairiúil atá san fhaisnéis sin.
De mhaolú ar mhír 1, pointe (g), den Airteagal seo, ní dhéanfar faisnéis stairiúil inrochtana ar ESAP ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|