|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Áiritheoidh ESMA go mbeidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag ESAP:
(a)
tairseach ghréasáin ag a bhfuil comhéadan soláimhsithe, ina gcuirtear san áireamh na riachtanais rochtana atá ag daoine faoi mhíchumas, chun rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis ar ESAP i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
(b)
API lena gcumasaítear rochtain éasca ar an bhfaisnéis ar ESAP;
(c)
feidhm chuardaigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
(d)
amharcóir faisnéise;
(e)
seirbhís meaisínaistriúcháin le haghaidh na faisnéise a aisghabhtar;
(f)
seirbhís íoslódála, lena n-áirítear chun cainníochtaí móra sonraí a íoslódáil;
(g)
seirbhís fógraíochta lena gcuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis nua ar ESAP;
(h)
cur i láthair na faisnéise a thíolactar ar bhonn deonach de bhun Airteagal 1(1), pointe (b), ar bhealach a fhágann:
(i)
gur féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir í agus an fhaisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach de bhun Airteagal 1(1), pointe (a);
(ii)
i gcás inarb infheidhme, go gcuirtear úsáideoirí ar an eolas nach gá go gcomhlíonann an fhaisnéis na ceanglais uile maidir le faisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), agus nach gá go ndéanfar í a nuashonrú le himeacht ama. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|