+Airteagal 7 Feidhmiúlachtaí ESAP
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
|
Airteagal 7 Feidhmiúlachtaí ESAP
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Áiritheoidh ESMA go mbeidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag ESAP:
(a)
tairseach ghréasáin ag a bhfuil comhéadan soláimhsithe, ina gcuirtear san áireamh na riachtanais rochtana atá ag daoine faoi mhíchumas, chun rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis ar ESAP i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
(b)
API lena gcumasaítear rochtain éasca ar an bhfaisnéis ar ESAP;
(c)
feidhm chuardaigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
(e)
seirbhís meaisínaistriúcháin le haghaidh na faisnéise a aisghabhtar;
(f)
seirbhís íoslódála, lena n-áirítear chun cainníochtaí móra sonraí a íoslódáil;
(g)
seirbhís fógraíochta lena gcuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis nua ar ESAP;
(h)
cur i láthair na faisnéise a thíolactar ar bhonn deonach de bhun Airteagal 1(1), pointe (b), ar bhealach a fhágann:
(i)
gur féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir í agus an fhaisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach de bhun Airteagal 1(1), pointe (a);
(ii)
i gcás inarb infheidhme, go gcuirtear úsáideoirí ar an eolas nach gá go gcomhlíonann an fhaisnéis na ceanglais uile maidir le faisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), agus nach gá go ndéanfar í a nuashonrú le himeacht ama.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Áiritheoidh ESMA go ndéanfar le ESAP socrú maidir leis na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (e) agus (g), faoin 10 Iúil 2028. Áiritheoidh ESMA go ndéanfar le ESAP socrú maidir leis na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (h), faoin 9 Eanáir 2030.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Leis an bhfeidhm chuardaigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, beifear in ann cuardach a dhéanamh ar bhonn na meiteashonraí seo a leanas:
(a)
ainmneacha an eintitis a thíolaic an fhaisnéis agus ainmneacha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
(b)
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis a thíolaic an fhaisnéis agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
(c)
an cineál faisnéise, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), a thíolaic an t-eintiteas agus ar tíolacadh faisnéis den sórt sin ar bhonn éigeantach faoi Airteagal 1(1), pointe (a), nó ar bhonn deonach faoi phointe (b) den mhír sin;
(d)
an dáta agus an t-am a chuir an t-eintiteas an fhaisnéis faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin;
(e)
an dáta nó tréimhse lena mbaineann an fhaisnéis;
(f)
méid an eintitis de réir catagóire a thíolaic an fhaisnéis agus méid an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
(g)
tír oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
(h)
earnáil tionscail nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
(i)
an comhlacht bailiúcháin atá freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú;
(j)
an teanga inar tíolacadh an fhaisnéis;
|
|
Airteagal 7 4.
|
Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
saintréithe API dá dtagraítear i mír 1, pointe (b);
(b)
an t-aitheantóir sonrach eintitis dhlítheanaigh dá dtagraítear i mír 3, pointe (b);
(c)
aicmiú na gcineálacha faisnéise dá dtagraítear i mír 3, pointe (c);
(d)
catagóirí mhéideanna na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 3, pointe (f);
(e)
saintréithe na n-earnálacha tionscail dá dtagraítear i mír 3, pointe (h).
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2024. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|